bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Kings 17
2 Kings 17
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 18 →
1
Annsa dara blíadhain déug do Ahas righ Iúdah do thosuigh Hoseá mac Elah a ríghe a Samária ós cionn Israel náoi mbliadhna.
2
Agus do rinne sé an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA, acht ní do nós na ríogh thainic roimhe ós cionn Israel.
3
¶ Tháinic Salmaneser rígh na Hassíria suás na aghaidh; agus do umhluidh Hoseá na sherbhíseach dhó, agus thug tiodhlaice dhó.
4
Agus fúair rígh na Hassíria droichmhéin ann Hoseá: óir do chuir sé teachda go So rígh na Hégipte, agus ní thug sé tiodhlacadh ar bíth go rígh na Hassíria, mar do rinne sé ó bhliadhuin go bliadhuin: ar a nadhbharsin do dhruid rígh na Hassíria fa íadhadh é, agus do cheangail sé a bpríosún é.
5
¶ Ann sin tháinic rígh na Hassíria súas ar feadh na críche uile, agus do chúaidh súas go Samária, agus do bhi re na haghaidh trí bliadhna.
6
Annsa náomhadh bliadhuin do Hoseá do ghabh rígh na Hassíria Samária, agus rug se Israel leis go Hassíria, agus do shuighidh íad ann Hálah agus ann Hábor láimh ré habhuinn Gósan, agus a ccaithreachaibh na Mediteach.
7
Oír is amhluidh bhí, gur pheacuigheadar clann Israel a naghaidh a TTIGHEARNA Día, noch thug a níos íad as crích na Hégipte, ó bheith fáoi láimh Phárao rígh na Hégipte, agus go raibh eagla deé oile orra,
8
Agus gur shíubhuileadar a reachduibh na ngeinteadh, (noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel), agus ríghtheadh Israel, noch do rinneadar féin.
9
Agus do rinneadar clann Israel go foluigheach na neithe nar chóir a naghaidh a TTIGHEARNA Día, agus do rinneadar áite árda dhóibh féin iona ccaíthreachaibh uile, ó thor an luchd faire go nuige an ccathruigh chumhduighthe.
10
Agus do chuireadar súas dóibh féin íomháighe agus garráin ann gach áon chnoc árd, agus fáoi gach áon chrann glas:
11
Agus annsin do loisgedís túis annsna háitibh árda uile, mar níodh na geintidh do dhíbir an TIGHEARNA rompa; agus do oibrigheadar droichueithe do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge:
12
Oír do adhradar íomháigheadh, a ttaoibh a ndubhairt an TIGHEARNA riú, Ná déunuidh an nísi.
13
Gidheadh fós do rinne an TIGHEARNA fíadhnuise a naghaidh Israel, agus a naghaidh Iúdah, tres na fáighibh uile, agus treas an luchd faicsiona uile, gha rádh, Fillidhsi ó bhur ndroichshlighibh, agus coimhéuduigh maitheantasa agus mo reachda, do réir a nuile dhlighe dar áithin mé dá bhur naithribh, agus noch do chuir mé chugaibh lem sherbhísigh na fáidhe.
14
Gidheadh níor bháill léo a chluinsion, achd do chruáidheadar a muinéil, amhuil muinéil a naithreadh, nach ar chreid ann a TTIGHEARNA Día.
15
Agus do tharcuisnigheadar a reachda, agus a chunnradh do rinne sé re na naithribh, agus a fhiadhnuiseadh noch do fhíadhnuigh sé na naghaidh; agus do leanadar díomhaóineas, agus thangadar chum bheith díomhaóin, agus do leanadar na geintigh noch do bhi ar gach táobh dhíobh, a ttaobh ar fhúagair an TIGHEARNA dhíobh, nach déanaidís ní cosmhuil riú.
16
Agus do fhágbhadar uile aitheanta a TTIGHEARNA Día, agus do rinneadar dhóibh féin iomháigheadh leaghtha, dhá láogh, agus do rinnedar garrán, agus do adhradar slógh neimhe uile, agus do adhradar Baal.
17
Agus thugadar air a macaibh agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine, agus do nidís fáistine agus droidheachd, agus do reacadar íad féin do dhéanamh uilc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chum feirge.
18
Uimesin do bhí an TIGHEARNA ro fheargach re Hisrael, agus do atharruigh sé as a radharc íad: níor fágbhadh éanduine achd treabh Iúdah amháin.
19
Mar an gcéadna níor chomhuill Iúdah aitheanta a TTIGHEARNA Día, achd do shiubhluigheadar a reachduibh Israel noch do rinneadar féin.
20
Agus do chuir an TIGHEARNA síol Israel uile a ttarcuisne, agus do smachduigh íad, agus do thoirbhir íad a láimh mhillteóireadh, nó gur theilg sé as a radharc íad.
21
Oír do réub sé Israel ó thigh Dháibhi; agus do rinneadar righ do Ieroboam mac Nébat: agus do tharruing Ieroboam Israel ón TIGHEARNA do leanmhuin, agus thug orra peacadh mór do pheacughadh.
22
Oír do shiubhluigheadar clann Israel a bpeacadhuibh Ieroboam uile noch do rinne sé; níor dhealuigheadar riú;
23
No gur atharruigh an TIGHEARNA Israel as a radharc, mar a dubhairt sé tre na sheirbhíseachaibh uile na fáighe. Mar sin rugadh Israel as a ndúithche féin go Hassíria gus a niugh.
24
¶ Agus thug rígh na Hassíria daoine ó Bhabilon, agus ó Chutah, ó Abha, agus ó Hamat, agus ó Shepharbhaim, agus do shuighidh sé íad a ccaithreachaibh Shamária a náit chloinne Israel: agus do shealbhuigheadar Samaria, agus do áitigheadar iona ccaithreachaibh.
25
Agus is amhluidh bhí a ttosach a ccomhnuighe annsin, nach raibh eagla an TIGHEARNA orra: uimesin do chuir an TIGHEARNA leomhuin na measg, noch do mharbh cuid dióbh.
26
Uime sin do labhradar re rígh na Hassíria, ghá rádh, Na cineadhacha do atharruigh tú, agus do shuighidh tú a ccaithreachaibh Shamária, ní feas dóibh modh Dé na tíre: uime sin do chuir sé leomhuin na measc, agus, feuch, atáid agá marbhadh, do bhrígh nach bhfuil fios mhodha Dé na tire aca.
27
Ann sin dfúagair rígh na Hassíria, gha rádh, Beiridh libh ann sin áon do na sagartaibh noch thugabhair as sin; agus éirghedís agus comhnuighedís annsin, agus múineadh sé dhóibh modh Dhé na tíre.
28
Ann sin tháinic áon do na sagartaibh do rugadar léo as Samáriá agus do rinne sé comhnuidhe a Mbétel, agus dó mhúin dóibh cionnus do bheith eagla an TIGHEARNA orra.
29
Gideadh do rinne gach éainchineadh dée dhóibh féin, agus do chuireadar íad a ttighthibh na náiteach nárd noch rinneadar na Samaritanuigh, gach éainchineadh ann a ccaithreachaibh féin mar ar chomhnuigheadar.
30
Agus do rinneadar muinntir na Babiloine Sucot‐benot, agus luchd Chut do rinneadar Nergal, agus do rinneadar muinntir Hámot Asima,
31
Agus do rinneadar na Habhítigh Nibhas agus Tartac, agus do loisgeadar na Sepharbhitigh a cclann a tteine do Adrammelech agus do Anammelech, dee Shepharbhaim.
32
Marsin do bhí eagla an TIGHEARNA orra, agus do rinneadar dhóibh féin don chuid do budh uirísle aca sagairt na náiteach árd, noch do níodh iodhbhairt air a son, a ttighthibh na náiteach árd.
33
Do bhí eagla an TIGHEARNA orra, agus do adhradar a ndeé feín, do reír mhodha na ccineadhach noch rugadar leó as sin.
34
Gus an lá a niugh do níd reír an tseannóis: ní eaglaid an TIGHEARNA, ní mó do níd do reir a reachda, nó do reír a nórduightheadh, nó do reír an dlighe agus na haithne noch daithin an TIGHEARNA do chloinn Iácob, dar ghior sé Israel dainm;
35
Re a ndéarna an TIGHEARNA cunnradh, agus ar fhuagair dhóibh, gha rádh, Ní bhía eagla eíndee oile oruibh, ní uimhleochuidh sibh féin dóibh, ní dhéantaói íodhbuirt dóibh, ní dhéantaói seirbhís dóibh:
36
Acht an TIGHEARNA, noch thúg a níos sibh as crích na Hégipte re cumhachda móra agus le láimh sínte amach is roimhesion bhías eagla oruíbh, agus isé adharfuidhe, agus is dó dhéantaoi íodhbuirt.
37
Agus na statúidigh, agus na horduighthe, agus na dlighthe, agus na haitheanta, noch do scríobh sé dháoibh, coimhéudfáoi íad go bráth; agus ní bhiáidh eagla deé oile oruibh.
38
Agus ní dhearmadfáoi an chunradh do rinne mé ribh; ní mó bhías eagla dée oile oruibh.
39
Acht biáidh eagla bhur TTIGHEARNA Día féin oruibh; agus sáorfuidh sé sibh as laimh bhur nuile námhad.
40
Acht cheana níor eísteadarsan, achd do rinneadar do reir an chéad ghnátha.
41
Marsin do bhí eagla an TIGHEARNA ar na cineadhachaibh si, agus do rinneadar serbhís dá niomháighibh ghrábhálta fein, a cclann araon, agus clann a ccloinne: mar do rinneadar a naithre, is marsin do nídsion gus a niugh.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25