bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Kings 20
2 Kings 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 21 →
1
An sna láethibhsin do bhí Heseciah tinn chum báis. Agus tháinig an fáigh Isaiah mac Amos chuige, agus a dubhairt ris, Is marso a deir an TIGHEARNA, Cuir do thigh a nórdughadh; óir eugfuidh tú, agus ní mhairfidh tú.
2
Annsin dfill seision a aghaidh ar an mballa, agus do ghuidh sé an TIGHEARNA, gha rádh,
3
Guidhim thú, O a THIGHEARNA, cuimhnigh a nois mar do shiubhail mé ad lathair a bhfírinne agus maille re croidhe iomlán, agus go ndéarna mé an ní budh mhaith ad radharc. Agus do ghuil Heseciah go géur.
4
Agus tárla suil do chuáidh Isaiah amach annsa ccúirt mheadhonuigh, go ttáinic bríathar an TIGHEARNA chuige, gha rádh,
5
Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo phobail, Is marso a deir an TIGHEARNA, Díahathar Dáibhi, Do chuála mé hurnaigh, agus do chonnairc mé do dhéora: féuch, sláineochuidh mé thu: ar an treas lá rachá tú súas go tigh an TIGHEARNA.
6
Agus cuirfidh mé cúig bhlíadhna déug dfad ar do sháoghal; agus sáorfa mé thú feín agus an chathairsi as láimh rígh na Hassíria; agus cuimhdeochuidh mé an chathairse ar mo shon féin, agus ar son mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi.
7
Agus a dubhairt Isaiah, Glac meall fígeadh. Agus do ghlacadar agus do chuireadar ar an neascóid é, agus do bhí seision slán.
8
¶ Agus a dubhairt Heseciah ré Isaiah, Cía bhus comhartha go leigheosuidh an TIGHEARNA me, agus go rachaidh mé súas go tigh an TIGHEARNA an treas lá?
9
Agus a dubhairt Isaiah, Do gheabha tú an comharthasa ón TTIGHEARNA, go ndéana an TIGHEARNA an ní do labhair sé: an rachaidh an sgáile ar aghaidh deich gcéim, no deich gcéim air ccúl?
10
Agus do fhreagair Heseciah, Is ní súarrach don sgáile dul síos deich ccéim: ní headh, achd filleadh an sgáile deich ccéim ar ais.
11
Agus do éigh Isaiah an fáigh chum an TIGHEARNA: agus rug sé an sgáile deich ccéim ar cúl, ann a ndeachuidh sé síos a ndiail Ahas.
12
¶ Fa namsin do chuir Berodachbaladan, mac Baladain, rígh na Babilóne litreacha agus brontanus chum Heseciah; óir do chúala se go raibh Heseciah tinn.
13
Agus déisd Heseciah riú, agus do thaisbéin dóibh tigh taisgidh a neithionn mórluaigh, a nairgid, agus a nóir, agus na spíosradh, agus na hola lóghmhaire, agus tigh a armála uile, agus an mhéid fríth ann a ionnmhusuíbh: ní raibh éinní iona thigh, no iona thighearnus uile, nar thaisbéin Heseciah dhoibh.
14
¶ Ann sin tháinic Isaiah an fáigh gus an rígh Heseciah, agus a dubhairt ris, Cred a dubhradar na daóinesi? agus cía ó ttangadar chugadsa? A dubhairt Heseciah, Thangadar ó thír imchéin, ón Mbabilóin.
15
Agus a dubhairt seision, Cred do chonncadar ann do thigh? Agus a dubhairt Heseciah, A bhfuil do neithibh ann mo thighse do chonncadar iad: ní bhfuil éinní a measc mionnmhuis nach ar thaisbeín mé dhóibh.
16
Agus a dubhairt Isaiah re Heseciah, Eist ré breithir an TIGHEARNA.
17
Féuch, tiocfaid na laethe, go mbéarthar a bhfuil ann do thighsi, agus ar chuireadar haithre súas a stór gus a niugh, don Bhabilóin: ní fhúigfighear éainní, a deir an TIGHEARNA.
18
Agus dot mhacaibh thiucfas uáit, noch gheinfeas tusa, béuruid sion leó; agus béid na ccaillteanachuibh a bpálas rígh na Babilóine.
19
Ann sin a dubhaírt Heseciah re Isaiah, Is maith bríathar an TIGHEARNA noch do labhair tusa. Agus a dubhairt, Nach mhaith é, má bhíonn síothcháin agus fírinne ann mo laéthibhsi?
20
¶ Agus an chuid oile do ghníomhuibh Heseciah, agus a neart uile, agus mar do rinne sé tobar agus piópa uisge, agus mar thug uisge chum na caithreach, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?
21
Agus do choduil Heseciah a bhfochair a aithreadh: agus do ríoghuidh Manasseh a mhac iona áit.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25