bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Kings 24
2 Kings 24
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 25 →
1
Iona láethibhsion tháinic Nebuchadnessar rígh na Babiloine súas, agus iar mbeith do Iehoiacim na shearbhfhoghantuigh dhó ar feadh thrí mbliadhan: annsin do iompóigh sé agus do chuáidh a ccogadh na aghaidh.
2
Agus do chuir an TIGHEARNA buidhne do na Chaldeeanachaibh, agus buidhne do na Sirianachaibh, agus buidhne do na Móabíteacháibh, agus buidhne do chloinn Ammon, agus do chuir sé íad a naghaidh Iúdah dá sgríos, do réir bhreithre an TIGHEARNA, noch do labhair sé tre na shearbhfhoghantuibh na faighe.
3
Go deimhin is lé haithne an TIGHEARNA tháinic so ar Iúdah, dá nátharrach as a radharc, ar son pheacaidh Mhanasseh, do réir a nuile ní dá ndéarna sé;
4
Agus mar an gcéadna ar son na fola neimhchiontuigh noch do dhoirt sé: (óir do lión sé Ierusalem le fuil neimhchiontuigh); nach maithfeadh an TIGHEARNA.
5
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iehoiacim, agus a nuile ní dá ndéarna sé, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iudah?
6
Mar sin dó choduil Iehoiacim a bhfochair a aithreadh: agus do bhí Iehoiachin a mhac na rígh na áit.
7
¶ Agus ní tháinic rígh na Hégipte a rís nios mó as a thír féin: óir do ghabh rígh na Babilóine ó shrúth na Hégipte go nuige a nabhuinn Euphrates an mhéid do ghabh le rígh na Hégipte.
8
¶ Do bhí Iehoiachin ochd mblíadhna déug daóis a núair do thosuigh a ríghe, agus do rioghaidh ann Ierusalem trí mhí. Agus do bé ainm a mhathar Nehusta, inghean Elnatan ó Ierusalem.
9
Agus do rinne sé an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA, do réir a nuile ní da ndéarnuidh a aithre.
10
¶ Annsa namsa thangadar muinntir Nebuchadnessar rígh na Babilóine súas a naghaidh Ierusalem, agus do chuireadar slúagh timchioll air an ccathruigh.
11
Agus tháinic Nebuchadnessar rígh na Babilóine a naghaidh na caithreach, agus do shuigh a mhuinntir na bun.
12
Agus do chuáidh Iehoiachin rígh Iúdah amach chum rígh na Babilóine, é féin, agus a mhathair, agus a shearbhfhoghantuighe, agus a phrionnsadha, agus a oifigidh: agus do ghabh rígh na Babilóine é annsa nochdmhadh bliadhuin dá righe.
13
Agus rug sé leis as sin ionnmhus thighe an TIGHEARNA uile, agus ionnmhus thighe an rígh, agus do ghéarr sé na mblodhuibh a nuile shoitheach óir do rinne Solamh rígh Israel a tteampall an TIGHEARNA, mar a dubhairt an TIGHEARNA.
14
Agus do rug sé Ierusalem uile leis, agus na prionnsadha uile, agus an nuile dhuine árrachda a ngaisgidh, eadhon deich míle bráighe, agus an luchd ceirde uile agus na gaibhne: níor fhan duine, achd an luchd budh boichde do dháoine na tíre.
15
Agus rug sé Iehoiachin leis don Bhabilóin, agus mathair an rígh, agus mná an rígh, agus oifigidh, agus cumhachduigh na tire, rug sé íad sin leis a mbraighdionus ó Ierusalem don Bhabilóin.
16
Agus a nuile dhuine cumhachdach, seachd míle fear, agus luchd ceirde agus gaibhne míle, gach a raibh láidir abuidh chum cogaidh, rug rígh na Babilóine leis íad a láimh don Bhabilóin.
17
¶ Agus do rinne rígh na Babilóine rígh do Mhattaniah dearbhrathair a athar iona áit, agus do athruigh sé a ainm go Sedeciah.
18
Do bhí Sedeciah blíadhuin agus fithche daóis a nuáir do thosuigh sé a ríghe, agus do rioghaidh éainbhlíadhuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Hamutal inghean Ieremiah ó Libnah.
19
Agus do rinné sé an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA, do reír gach einneithe dá ndearnuidh Iehoiachín.
20
Oír is tré fheirg an TIGHEARNA tháinic sin a ccrích air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur theilg sé amach as a radharc íad, go ndeachuidh Sedeciah a ccogadh a naghuidh rígh na Babíloine.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25