bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hosea 12
Hosea 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 13 →
1
Beathuighthear Ephraim lé gáoith, agus leanuigh sé a ndiáigh na gaóithe a noir: méaduighidh sé bréaga go láetheamhuil agus áonránachd; agus do níd cunradh ris na Hassírianachuibh, agus beirthir ola don Négipt.
2
Atá imreasan ag an TTIGHEARNA ré Iúdah, agus smaichteocha sé Iacob do réir a shlightheach; do reir a ghníomh do bhéara sé luáigheachd dó.
3
¶ Do ghlac sé a dhearbhrathair ar sháil annsa mbroinn, agus le na neart do bhí cumhacht aige ag Día:
4
Aseadh, do bhí cumhacht aige ós cionn a naingil, agus rug sé buáidh: do chaói sé, agus do rinne sé guidhe chuige: fuáir sé é san Bhetel, agus annsin do labhair sé rinne;
5
Eadhon an TIGHEARNA Día na slógh; isé an TIGHEARNA a chuimhneachadh.
6
Ar a nadhbharsin fillse chum do Dhé; coimhéad trócaire agus breitheamhnus, agus feith ar do Dhía do ghnáth.
7
¶ Is ceannuighe é, atáid meadhá na mealltóireachda iona láimh: grádhuigh sé foiréigion do dhéanamh.
8
Agus a dubhairt Ephraim, Gidheadh tháinic mé chum bheith saidhbhir, fuáir mé substaint: ann mo sháothruibh uile ní bhfuighid síad éigceart air bioth ionnam, do bhí na pheacadh.
9
Agus misi an TIGHEARNA do Dhía ó chrích na Hégipte do bhéara mé ortsa fós áitreabhadh a bpáillíunuibh, amhuil a láethibh a nféasta shollamonta.
10
Do labhair misi fós ris na fáighibh, agus do mhéaduigh mé fise, agus do ghnáthuigh mé cosamhlachda tré mhiniostralachd na bhfáigheadh.
11
An bhfuil éigceart ann Gílead? go deimhin is diomhaóineas íad: íodhbarthuid síad bulóga a Ngilgal; atá fós, a naltóra mar chárnuibh a neitrighibh an mhachairc.
12
Agus do theith Iácob do thír a Nassíria, agus do rinne Israel serbhís ar son mná, agus ar son mná do choimhéad sé caóirigh.
13
Agus lé fáidh do thréoruigh an TIGHEARNA Israel amach as an Négipt, agus lé fáidh do sábháladh é.
14
Do bhrostuigh Ephraim é chum feirge go doribh: ar a nadhbharsin fúigfidh sé a fhuil air, agus fillfidh a Thighearna a scannail chuige féin.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14