bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hosea 13
Hosea 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 14 →
1
An tan do labhair Ephraim, ar crioth, dárduigh sé é féin a Nisrael; acht an tan do pheacuidh sé a Mbaal, fuáir sé bás.
2
Agus anois peacuighid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar iomháighe leaghtha dá nairgiod, agus iodhail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreacha na bhfear ceirde: a deirid dá ttáobhsan, Na daóine iodhbras pógaidís na laóigh.
3
Uimesin béid síad amhuil néull maidne, agus amhuil an mochdhrúcht noch imthighios seachad, mar au ccáith díbearthar leis an ngaóith ghuáirdeáin as a nurlár, agus amhuil an deatach as an tsimné.
4
¶ Thairis sin is misi an TIGHEARNA do Dhía ó chrích na Hégipte, agus ní bhiáidh fios día ar bith agad acht misi: óir ni bhfuil slanaightheoir táobh amuigh dhíomsa.
5
Dob aithne dhamh thú annsa bhfásach, a ndúthaigh an tarta mhóir.
6
Do réir a ninbhir, is marsin do líonadh íad; do líonadh íad, agus do bhí a ccroidhe air na árdughadh; uimesin do dhearmadar misi.
7
Uimesin biáidh misi dhóibhsion amhuil leomhan: mar liopard annsa tslighe bhéara mé dom aire íad.
8
Teigeomha mé ríu amhuil beithir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroidhe, agus annsin sluigfidh mé íad amhuil leomhan: réubfuidh an beathach álta íad.
9
¶ O a Israel, uáid féin atá do scrios, acht is ionnamsa atá do chabhair.
10
Biáidh misi am rígh agad: cáit a bhfuil duine ar bioth oile fhéadas do shábháil ann do chaithreachaibh uile? agus do bhreitheamhuin do tháoibh a ndúbhairt tu, Tabhair dhamhsa rígh agus prionnsadha?
11
Thug mé rígh dhuit ann mfeirg, agus rug mé liom é ann mo dhíbhfheirg.
12
Atá éigceart Ephraim ceangailte súas; do folchadh a pheacadh.
13
Tiucfuid dóilghiosa mná re niodhnuibh air: is mac éigcrionna é; óir níor chóir dhó seasamh a bhfad a náit bhriste amach na cloinne.
14
Fuáisceola mé íad ó chumhachdaibh na huáighe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a bháis, biáidh misi am phláigh dhuit; Oh a uáigh, biáidh mé am scrios duit: foileochthar aithreachus óm shúilibh.
15
¶ Má tá go bhfuil sé tarbhach a measg a dhearbhráithreach, tiucfa gáoth a noir, tiucfa gáoth an TIGHEARNA súas ón bhfásach, agus tiormochuidh sí a thobar, agus tiormochthar súas a thiubruid: millfe sé ionnmhus gach uile shoitheach taitneamhach.
16
Biáidh Samária áonránach; óir do rinne sí cogadh a naghaidh a Dé: tuítfid síad ris an ccloidheamh: réubfar a naóidhin na mblodhuibh, agus sgoiltfighthear a mná torrcha.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14