bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hosea 2
Hosea 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 3 →
1
Abraidhsi ré bhur ndearbhráithribh, Ammi; agus ré bhur ndeirbhsheathrachaibh, Ruhamah.
2
Tagraidh ré bhur mathair, tagraidh: óir ní hí mo bheansa í, ní mó is misi a fearsa: ar a nadhbharsin cuireadh sí uáithe a stríopachus as a radharc amach, agus a hadhaltrannas ó idir a cíochuibh;
3
Deagla go nochtfuinnsi tárnochd í, agus go ccuirfinn í do nós an laói a rugadh í, go ndéanuinn amhuil fásach í, agus go ndéanuinn amhuil fearann tirim í, agus go muirfinn lé tart í.
4
Agus ní bhiáidh truáighe agum dá cloinn; óir isiad clann an stríopachuis.
5
Oir do rinne a mathair meirdreachus: an bhean do ghein íadsan do rinne sí ní gráineamhuil: óir a dubhairt sí, Leanfa mé a ndiáigh máosgrádh, do bheir dhamh marán agus muisge, molann agus mo lion, mola agus mo dheoch.
6
Uime sin, féuch, falfa mé súas do shlighe lé droighionuibh, agus do dhéana mé balla, go nach bhfuighe sí a casáin.
7
Agus leanfa sí a ndiáigh a háosgrádh, acht ni bhéara sí orra; agus iarrfuidh sí íad, acht ní bhfuighe sí íad: annsin a déara sí, Imeocha mé agus fillfidh mé chum mo chéidfhir; óir do bfeárr do bhádh agam a núair sin ná a nois.
8
Oír ní raibh a fhios aice go ttug mé dhi arbhar, agus fíon, agus ola, agus gur fhoirlion mé a hór agus a hairgiod, noch do ghléasadarsan do Bháal.
9
Uimesin fillfidh mé, agus do bhéara mé marbhar liom iona am féin, agus mfíon iona am féin, agus bhéara mé liom molann agus mo lion tugadh dfolach a tárrnochduigh.
10
Agus anois foillseocha mé a húallachus a radharc a háos grádha, agus ní sháorfuidh duine ar bioth í as mo láimh.
11
Do bhéara mé fós air a sólás uile sgur, a laéthe féusta, a rée núadha, agus a sabbóide, agus a féusdadh sollamonta uile.
12
Agus millfe mé a fíneamhna agus a ccrainn fíge, dá ndúbhairt sí, Isíad so mo choibhthesi thugadar máos grádha dhamh: agus do dhéana mé foraóis díobh, agus íosuidh beathuigh an mhachaire íad.
13
Agus aigeora mé láethe Bháalim uirre, ionar loisg sí túis dóibh, agus ann ar dheaghmhaisigh si í féin le na clúasfháinnibh agus le na séuduibh, agus do chuáidh sí a ndiáigh a háosgrádha, agus do dhearmuid sí misi, a deir an TIGHEARNA.
14
¶ Uime sin, féuch, bréugfa mé í, agus do bhéara mé do nfásach í, agus laibheóra mé go muinnteardha ría.
15
Agus do bhéara mé gárradha a fíneamhna dhí as sin, agus gleann Achor mar dhorus dóthchuis: agus do dhéana sí céol annsin, mar a láethibh a hóige, agus amhuil an lá thánic sí súas amach as crich na Hégipte.
16
Agus is amhluidh bhías annsa ló sin, a deir an TIGHEARNA, go ngoirfidh tú Mfear dhíomsa; agus nach ngoirfidh tú Bahali ní is mo dhíom.
17
Oír do bhéara mé anmanna Bhaalim amach as a béul, agus ní cuimhneochthar as a nainm ní is mó íad.
18
Agus annsa ló sin do dhéana mé cunnradh dhóibh ré beathachaibh an mhachaire, agus ré héunlaith neimhe, agus ré neithibh snáidheach na talmhan: agus brisfe mé an bogha agus an cloidheamh agus an cath as an ttalamh amach, agus do bhéara mé orra luighe síos go suáimhneach.
19
Agus pósfa mé thusa riom fein go bráth: fós pósfa mé riom féin thú a nionnracus, a mbreitheamhnus, agus a ccinéul ghrádhach, agus a ngrásaibh.
20
Ceangóla mé fós riom thú a nionnracus: agus aitheonuidh tú an TIGHEARNA.
21
Agus tiucfa á ccrích annsa ló sin, go ccluinfe misi, a deir an TIGHEARNA, cluinfidh mé na neamha, agus cluinfid sin an talamh,
22
Agus cluinfidh an talamh an tarbhar, agus an fíon, agus a nola, agus cluinfid síadsan Iesreel.
23
Agus síolchuirfidh mé riom annsa talamh í, agus do dhéana mé grása uirre nach bhfuáir grása; agus a déara mé ris an ndruing nach raibh mo phobal, Is tú mo phobal; agus a déaruid síadsan, Is tú mo Dhía.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
Recommended Reading
Commentary
Hosea Commentaries
→
Devotional
Hosea Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→