bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Micah 1
Micah 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 2 →
1
Briathar an TIGHEARNA tháinic go Micah an Morastiteach a laéthíbh Iotam, Ahas, agus Heseciah, ríghthe Iúdah, noch do chonnairc sé a ttaobh Shamária agus Ierusalem.
2
¶ Eistigh, a phobal uile; cluin, a thaluimh, a nuile ní dá bhfuil ann: agus bíodh an Tighearna DIA na fhíadhnuise bhur naghaidhsi, an Tighearna ó na theampall náomhtha.
3
Oír, féuch, tiucfuidh an TIGHEARNA as a áit, agus tiucfuidh a núas, agus sailteora sé air áitibh árda na talmhan.
4
Agus leagfuighear na sléibhte faói, agus scoiltfighear na gleanta, amhuil céir as coinne na teineadh, agus amhuil na huisgeadha dóirtior síos re fánuigh.
5
Ar son saruighthe Iácob atá so uile, agus ar son pheacadh thighe Israel. Cred é sárughadh Iácob? nach í Samária? agus cred íad áite árda Iúdah? nach í Ierusalem?
6
Uimesin do dhéana misi Samária mar chárn don mhachaire, agus phlanndughadh fineamhna: agus dóirtfidh mé a clocha síos annsa ghleann agus léigfe mé a duthrach ris.
7
Agus brisfighear a híomháighe greanta uile a mbloghuibh, agus loisgfighear le teine a tuillmhigh uile, agus leagfa mé a hiodhail uile áonránach: oir do chruinnigh sí íad do thuilleamh meirdrighe, agus fillfid chum tuillmhe meirdrighe.
8
Uimesin caóidhfidh mé agus núallfuidh mé, imeocha mé tárnochd agus lomnochd: do dhéana mé gearán mar na draguin, agus cúmha mar na hulchabhcanuibh.
9
Oír is doileighios a cneadh; óir tháinic sé go Iúdah; tháinic sé go géata mó phobail, eadhon go Hierusalem.
10
¶ Ná foillsigh é ann Gát, ná guilidh ar áonchor: a ttigh Aphrah iompoidh thú féin annsa lúaithreadh.
11
Imthigh romhad, a áitreabhthach Saphir, ar mbeith dod náire leis: ní tháinic Saanan amach a ngolgháir Bhet‐esel; glacfuidh sé a sheasamh uáibhsi.
12
Oír do fheith áitreabhthach Márot go furachair ar mhaith: acht tháinic olc a núas ón TTIGHEARNA go geata Ierusalem.
13
O thusa a dhúthchusaigh Lachis, ceangail an carbad don bheathach lúath: isí is tosach peacaidh dinghin Sion: óir do fríth sáruighthe Israel ionnadsa.
14
Uimesin do bhéara tú tiodhlaiceadha do Mhor‐eset Ghát: biáidh tighthe Achsib na mbréig do ríghthibh Israel.
15
Thairis sin do bhéara mé oighre chugad, a áitreabhthach Maresah: tiucfuidh sé go Adullam glóir Israel.
16
Déana máol thú, agus beárr thú féin air son do chloinne breághdha; fairsingidh do mhaóile mar a niolar; óir do chúadar uáit a mbraighdionas.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
Recommended Reading
Commentary
Micah Commentaries
→
Devotional
Micah Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→