bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Micah 4
Micah 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 5 →
1
Acht annsna laéthibh deigheanacha tiucfa a ccrích, go ndaingneochthar slíabh thighe an TIGHEARNA a mullach na slíabh, agus áirdeochthar é ós cionn na ccnoc; agus líonfuid daóine chuige.
2
Agus tincfuid mórán cineadhach, agus a déaruid síad, Tigidh, déanam súas go slíabh an TIGHEARNA, agus go tigh Dé Iácob; agus muinfidh sé a shlighthe dhúinn, agus siubholum iona chasánuibh: óir rachuidh an dligheadh amach as Sion, agus briathar an TIGHEARNA ó Ierusalem.
3
¶ Agus béaruidh sé breitheamhnus a measg mhóráin daóine, agus iomaithbhirfidh sé cineadhacha neartmhara a bhfad natha; agus buáilfid a ccloidhmhthe a niarrnach leisrígh, agus a ngaéthe a gcorránuibh cnuaiscthe: ní thóigfe cineadh cloidheamh a naghaidh cinidh, ní mó fhoghlomfuid cogadh ní is mó.
4
Acht suighfidh gach uile dhuine fáoi na fhíneamhuin agus fáoi na chrann fíge féin; agus ní chuirfe duine ar bioth eagla orra: óir isé béul TIGHEARNA na slogh dubhairt é.
5
Oír siubholuidh a nuile phobal gach uile dhuine dhíobh a nainm a dhé, agus siubholuimne a nainm an TIGHEARNA ar Ndía go sáoghal na sáoghal.
6
¶ Annsa lósin, a deir an TIGHEARNA, cruineocha mé an bhean atá bacach, agus cruinneocha mé an bhean do díbreadh ainach, agus isi do ghortuigh mé;
7
Agus do dhéana mé íarsma don mhnaói do bhí bacach, agus cineadh láidir dhise do teilgeadh a bhfad: agus ríaghlochthaigh an TIGHEARNA ós a ccionn a shabh Sion ó so amach go brách, agus choidhche.
8
Agus chugadsa, a thuir an tréada, caisléan daingion inghine Sion, thiucfas an céidthighearnus; tiucfaidh an rioghachd chum inghine Ierusalem.
9
Anois cred fá néighion tú go hárd? an bhfuil rígh ar bioth ionnad? ar imthigh do chomhairleach seachad? óir do ghabhadar doighthe thú amhuil bean re niodhnuibh.
10
Bídh a mbruid, agus sáothruigh breith, a inghean Sion, cosmhuil re muáoi re níodhnuibh: óir a nois rachaidh tú amach as an ccathruigh, agus coimhueocha tú anusa mhachaire, agus racha tú don Bhabilóin; annsin sáorfuighear thú; annsin fhuáisceolus an TIGHEARNA thú ó láimh do námhad.
11
¶ Anois fós atáid mórán cineadhach ar néirghe ad aghaidh, noch a deir, Truáillthear í, agus féuchadh ar súilne air Shion.
12
Acht ní feas dóibh smuáintighthe an TIGHEARNA, ní mó thuigid a choimhairle: óir cruinneocha sé íad mar na punnannaibh a steach chum a nurláir.
13
Eirigh agus buáil, a inghean Shion: óir do dhéana misi íarann dot adhairc, agus do dhéana mé hingne na bprás: agus buáilfidh tú na ccodchaibh mórán daóine: agus náomhthocha misi a ttarbha don TIGHEARNA, agus a ttadhbhacht do THIGHEARNA na talmhan uile.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7