bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Micah 3
Micah 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 4 →
1
Agus a dubhairt misi, Eistigh, íarruim dathchuinge oruibh, a cheanna Iácob, agus sibhsi a phrionnsadha thighe Israel; Nach cóir dhaóibhse fios breitheamhnuis do bheith aguibh?
2
Noch fhúathuighios an mhaith, agus ghrádhuighios an tolc, noch thairngios a ccroicionn díobh, agus a bhfeóil dá ccnámhuibh;
3
Noch fós ithios feóil mo dhaóine, agus fheannus a ccroicionn díobh; agus brisid a ccnámha, agus gearruid na ccodchaibh, íad mar budh chum an phota, agus mar fheóil annsa choire.
4
Annsin éighfid síad chum an TIGHEARNA, acht ní éistfidh sé ríu: eadhon foileochuidh sé a aghaidh úatha san namsin, mar do iomchradar íad féin go holc iona ngníomhuibh.
5
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na bfágh bheir air mo phobal earráid do dhéanamh, noch bheirios greim re na bhfíaclaibh, agus fhúagrus, Síothcháin; agus ullmhuighid cogadh a naghaidh an té, nach ccuirionn ann a mbéul:
6
Uimesin biáidh a noidhche dhíbh, iondus nach bhfaicfidhe fis; agus biáidh dorcha dhíbh, iondus nach bhfaistinfighe; agus rachuidh an ghrían faói ós cionn na bhfágh, agus biáidh an lá dorcha ós a ccionn.
7
Annsin bhías náire ar na feithmheóiribh, agus buáidhearthar na fáistinigh: fós, foileochuid uile a mbéil; óir ni bhfuil freagra air bioth ó Dhía.
8
¶ Acht go deimhin atáim lán do chumhachtaibh maille ré spiorad an TIGHEARNA, agus do bhreitheamhnus, agus do chumas, do thaisbeanadh a sháruighthe do Iácob, agus do Israel a pheacadh.
9
Eistigh so, íarruim dathchuinge oruibh sibhsi cinn thighe Iácob, agus prionnsadha thighe Israel, ghráineas re breitheamhnus, agus chuirios a nuile cheart bun ós cionn.
10
Cuirid síad súas Sion le fuil, agus Ierusalem le héigceart.
11
Do ní a ccinn sin breitheamhnus air luáigheacht, agus teagasguid a sagairt ar thúarustal, agus fáistinighid a bhfáighe ar airgiod: gidheadh luighfid air an TTIGHEARNA, agus a déaruid síad, Nach bhfuil an TIGHEARNA ar measg? ní fhéadann olc ar bith teacht oruinn.
12
Uimesin treabhochthar Sion ar bhur sonsa amhuil machaire, agus biáidh Ierusalem na cárnuibh, agus slíabh an tighe mar áitibh árda na foraóise.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7