bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Micah 5
Micah 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 6 →
1
Anois cruinnigh thú féin a slúaghaibh, a inghean na slúagh: do chuir sé foslongphort re ar naghaidh: buáilfid síad breitheamh Israel le slait air an ngrúaidh.
2
Acht thusa, a Bhet‐lehem Ephrátah, bíodh gur beag thú a measg mhílteadh Iúdah, gidheadh tiucfaidh asad amach chugamsa úachdarán bhias ar Israel; a raibh a dhul amach ó a nallód, ó laéthibh ná síorruidheachda.
3
Uimesin seachoduigh sé súas íad, nó go ttígh an tam a mbéara an bhean thorrach: annsin fillfidh fuighioll a dhearbhráithreach go cloinn Israel.
4
¶ Agus seasfuidh sé agus biathfuidh sé a neart an TIGHEARNA, a mórdhachd anma an TIGHEARNA a Dhía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáidh sé mór go foircheann na talmhan.
5
Agus budh é an fearso an tsíodhcháin, an tan thiucfas an Tassírianach dar ttir: agus an tan shailteorus ann ar bpálásaibh, annsin tóigfeam móirsheisior áodhaireadh na aghaidh, agus ochtar do dhaóinibh prinnsiopalta.
6
Agus fáiseochuid síad tír na Hassíria leis an ccloidheamh, agus talamh Nimrod iona dhula a steach: marso tháirtheochthar sinn ó Nassiríanach, an tan thiucfas sé dar ttír, agus a nuáir shailteorus sé táoibh a stigh dar tteórannuibh.
7
Agus biáidh íarsma Iácob a measc mhóráin daóine amhuil drúcht ón TTIGHEARNA, amhuil ceatha air an bhféur, nach bhfanann re duine, agus nach bhfeithionn air mhacaibh na ndaóine.
8
¶ Agus biáidh íardhraói Iácob a measg na ngeinteadh a lár mhóráin daóine amhuil leomhan a measc bheathach na foraóise, amhuil óg leomhan a measg na ttréud cáorach: noch, má théid sé thrid, sailteoruidh sé síos agus fós stíallfnidh sé na mblodhuibh; agus ní fheadfuidh duine ar bioth sin do thartháil.
9
Toigfighear do lámh súas ar do naimhdibh, agus geárrfuighear amach do naimhde uile.
10
Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, a deir an TIGHEARNA, go ngéarrfa misi heachruigh amach as do lár, agus go millfidh mé do charbuid:
11
Agus geárrfa mé amach caithreacha do dhúthaigh, agus teilgfiod síos do dhaóine láidre:
12
Agus geárrfa mé piseóga amach as do láimh; agus ní bhiáidh fáistinigh agad ní is mó:
13
Geárrfa mé fós híomháighe grábhálta, agus híomháighe feasta a mach as do lár; agus ní aidheora tú ní is mó obair do lámh.
14
Agus tairreonga mé a níos do gharráin as do lár; marsin scriosfa mé do chaithreacha.
15
Agus do dhéana mé dioghaltas a bhfeirg agus a ndíbhfheirg air na geintibh, a leithéid nach ccúaladar a ríamh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7