bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Revelation 14
Revelation 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 15 →
1
Agus damhairc mé, agus, féuch, Uán na sheasamh ar slíabh Sióin, agus céud ceathrar agus dá fhichid do mhíltibh na fhochair, agá raibh ainm a Athar sgríobhtha a gcláruibh a néudan.
2
Agus do chúaluidh mé gúth ó neamh, mar fhuáim iomad uisgeadh, agus mar fhuáim tóirnigh móire: agus do chúaluidh mé fuáim cláirséoradh ag déunamh ceóil ré na gcláirseachuibh:
3
Agus do channadar mar do bhíadh céol núadh a bhfiadhnuise na cathaóireach, agus a bhfíadhnuise na gceithre mbeathach, agus na seanóireadh: agus níor bhféidir déinneach an céol sin dfoghlaim achd amháin don chéud agus do na ceithre ar dhá fhichead do mhíltibh, do bhí ar na gceannach ón dtalamh.
4
A síad so an dream nár salchadh ré mnáibh; óir as ógha íad. A síad so an dream leanas an Túan gidh bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannach as meadhón na ndaóineadh, na ccéudthórtha do Dhía agus do Núan.
5
Agus ní fríth cealg na mbéul: óir atáid gan cháidhe a bhfíadhnuisi chathaóire Dé.
6
Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh soisgéul síorruidhe chum a shoisgéulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh, agus threibh, agus theanguidh, agus phubal,
7
Ag rádh do ghúth árd, Bíodh eagla Dé oruibh, agus tuguidh glóir dhó; óir táinic uáir a bhreitheamhnuis: agus déunuigh úmhla don tí do chrúthuigh neamh, agus talamh, agus an fhairrge, agus na tuibruideacha uisge.
8
Agus do lean aingeal eile, ag rádh, Do thuit, do thuit an Bhabilóin, an chathair mhór; óir tug sí air na huile chineadhachuibh fíon feirge a sdríopachuis dibhe.
9
Agus do lean an treas aingeal íad, ag rádh do ghúth árd, Má bheir éinneach onóir don nainmhidhe agus dá íomháigh, agus go ngéubha chuige a chomhartha a gclár á éudain, nó ann a láimh,
10
I bhfidh an tise fós dfíon fheirge Dé, do nfíon ghlan líontar a gcupán a fheirge; agus do gheabhuidh a phíanadh a dteine agus a ruibh a bhfiadhnuise na naingeal náomhtha, agus a bhfíadhnuise a Nuáin:
11
Agus biáidh deatach a bpeannuidhe ag éirighe súas go sáoghal na sáoghal: agus ní bhiáidh suáimhneas do ló agus doidhche, ag an drong do bheir onóir don nainmhídhe agus dá iomháigh, ná ag an tí ghabhus chuige comhartha a anmasan.
12
Is ann so atá foighid na náomh: is ann so dhearbhthar an dream choimhéudas aitheanta Dé, agus creideamh Iósa.
13
Agus do chúala mé gúth ó neamh ag rádh riom, Sgríobh, Is beannuighe na mairbh do gheibh bás sa Dtíghearna feasda: A seadh a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda dhá sáothar; agus leanuid a noibreacha íad.
14
Agus damhairc mé, agus féuch néull geal, agus neach na shuidhe air a néull cosmhuil ré Mac an duine, agá raibh coróin órrgha ar a cheann, agus corrán géur ann a láimh.
15
Agus táinic aingeal eile amach as an dteampoll, ag éighme do ghúth árd ar an tí do bhí na shuidhe air a néull, Saith a steach do chorrán, agus buáin: óir rug aimsir na buána ort; óir atá fóghmhar na talmhan apuidhe.
16
Agus do sháith an tí do bhí na shúidhe air a néull a chorrán a steach fán dtalamh; agus do beanadh an talamh.
17
Agus táinic aingeal eile amach as an teampull noch atá ar neamh, ag a raibh iomorro corrán géur.
18
Agus táinic aingeal eile amach ón altóir, agá raibh cúmhachda ós cionn na teineadh; agus do éigh sé do ghúth árd air an ti agá raibh an corrán géur, ag rádh, Saith a steach do chorrán géur, agus cnúasuigh tarpáin fhíneamhna na talmhan; óir atáid a cáora apuidhe.
19
Agus do sháith an taingeal a chorrán a steach fán dtalamh, agus do chnúasuigh sé fíneamhuin na talmhan, agus do theilg é a númair mór fheirge Dé.
20
Agus do brúghadh an túmar re cosuibh don táobh amuigh don chathruigh: agus táinic fuil amach as a númar go sríanuibh na neach, feadh mhíle ar shé chéud sdáid.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22