bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Revelation 15
Revelation 15
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 16 →
1
Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.
2
Agus do chonnairc me cosamhlachd fhairrge gloinidhe ar na cúmasg ré teine: agus an luchd rug buáidh ar a nainmhidhe, agus ar a iomháigh, agus ar a chómhartha, agus ar úibhir a anma, na seasamh ag an bhfairrge ghloinidhe, agus cláirseacha Dé aca.
3
Agus do chanadar cainntic Mhaóise shearbhfhoghantuigh Dé, agus cainntic a Nuáin, ag rádh, As mór iongantach hoibreachasa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh; is comhthrom fírinneach do shlighese, a Rí na ccineádhach.
4
Cía air nach biáidh eagla rómhad, a Thíghearna, agus nach dtiubhradh glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naomhtha: óir tiucfuid na huile chineadhacha agus sléuchdfuid ad fíadhnuise; óir atáid do bhreitheamhnuis ar na bhfoillsiughadh.
5
Agus damhairc mé ná dhiáigh sin, agus, féuch, do hosgladh teampoll thabernacuil na fíadhnuise ar neamh:
6
Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd bplágha, umá raibh línéudach glan deallruigheach, agus íad ar na gcreasrúghadh ré creasanuibh órrgha a dtimchioll a nochda.
7
Agus tug beathach do na ceithre beathaidhibh do na seachd nainglibh seachd soithighe órrgha líonta dfeirg Dé, mhaireas go sáoghal na sáoghal.
8
Agus do líonadh an teampoll ré deatuigh ó ghlóir Dé, agus ó na chúmhachduibh; agus níor bhféidir déineach dul a steach don teampoll, nó go rabhadar seachd bplágha na seachd naingeal ar na gcríochnughadh.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22