bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Revelation 20
Revelation 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
1
Agus do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh éochar an phuill dubhaigein, agus slabhradh mór ann a láimh.
2
Agus rug sé ar an drágún, an seanathair nimhe, noch is Díabhal agus is Satán ann, agus do cheanguile sé é míle blíadhain,
3
Agus do theilg é sa bpoll dubhaigéin, agus do dhún, agus do chuir sé séula air, ionnus nach meallfadh sé na cineadhacha ní sa mhó, go ccoimhlíonfuidh an míle blíadhan: agus na dhiáigh sin is éigean a sgaóileadh feadh aimsire aithghearra.
4
Agus do chonnairc mé cáthaóireacha, agus do shuigheadar dream ionnta, agus do tugadh breitheamhnus dóibh: agus do chonnairc mé anmanna na druinge do dícheannadh ar son fhiadhnuise Iosa, agus ar son bhreithre Dé, agus nach dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá iomháigh, agus nár ghabh a chomhartha chuca a gcláruibh a néudan, ná na láimh; agus mairfid agus béid na ríoghuibh a bhfochair Chríosd míle blíadhuin.
5
Agus an chuid eile do na marbhuidh ní búdh béo íad a rís go criochnughadh an mhíle blíadhan. A sí só an chéud eiséirghe.
6
Is beannuighe agus is náomhtha an tí agá bhfuil cuid aige sa gcéud eiséirghe: óir ní bhfuil cúmhachda ag an dara bás orrtha so, achd béid síad na sagartuibh do Dhía agus do Chríosd, agus béid na ríoghuibh na fhochairsean míle blíadhuin.
7
Agus an tan chríochnóchar an míle blíadhan, sgaóilfighthear Satán as a phríosún,
8
Agus racha sé amach do mhealladh na gcineadhach noch atá a gceithre chorruibh na talmhan, Gog agus Magog, chum a gcnúsuigh a gceann a chéile chum catha; agá bhfuil a nuibhir amhuil ghaineamh na fairrge.
9
Agus do chúadar súas ar leithead na talmhan, agus do thimchiolladar campa na náomh, agus an chaithair ionmhuin: agus táinic teine a núas ó neamh ó Dhía, agus do shluig sí íad.
10
Agus do teilgeadh an díabhal do mheall íad a loch teineadh agus ruibhe, mar a bhfuil an beathach agus an fáidh fallsa, agus béid síad dá bpianadh do ló agus doidhche go sáoghal na sáoghal.
11
Agus do chonnairc mé cathaóir mhór gheal, agus neach áirighe na shuidhe innte, agár theith talamh agus neamh roimhe; agus ní fríth a náit.
12
Agus do chonnairc mé na mairbh, eidír bheag agus mhór, na seasamh a bhfíadhnuise Dé; agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na mharbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh.
13
Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhí innte; agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh.
14
Agus do teilgeadh an bás agus ifearn a loch teineadh. A sé so an dara bás.
15
Agus gidh bé nar frith sgríobhtha a leabhar na beatha do teilgeadh é sa loch teineadh.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22