bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Revelation 21
Revelation 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 22 →
1
Agus do chonnairc mé neamh núadh agus talamh núadh: óir do chúaidh an céidneamh agus an céud thalamh thoruinn; agus ní raibh fairrge ann ní sa mhó.
2
Agus do chonnairc misi Eóin an chathair náomhtha, Ierusalem núadh, ag teachd o Dhía a núas ó neamh, ar na hullmhughadh amhuil ghléusas bean núadhphósda í féin fá chomhair a fir.
3
Agus do chúala mé gúth mór ó neamh ag rádh, Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion, agus budh he a Ndía.
4
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
5
Agus a dubhairt an tí do bhí na shuidhe sa gcathaóir, Féuch, do ním na huile neithe núadh. Agus a dubhairt sé ríom, Sgríobh: óir is fírinneach díleas na bríathrasa.
6
Agus a dubhairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh. Do bhéura mé don tí ar a bhfuil tart ní ré ibhe do thobar uisge na beatha a naisgidh.
7
An tí bheireas buáidh budh hoighre é ar an huile neithibh; agus biáidh mise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.
8
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
9
Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh, Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.
10
Agus rug sé leis mé trés an sbioruid chum sléibhe móir áird, agus do thaisbéin sé dhamh an chathair mhór, Ierusalém náomhtha, ag teachd ó Dhía a núas as neamh,
11
Agá raibh glóir Dé: agus bá cosmhail an lonnradh do bhí innte ré chloich laspis, comhghlan ré Criosdal;
12
Agus do bhí balla mór árd aice, ar a rabhadar dha gheata dhéug, agus dhá aingeal déug ag na geataidhibh, agus anmanna sgríobhtha orrtha, eadhon anmanna dhá thréabh dhéug chloinne Isráel.
13
Do bhádar trí gheata don táobh shoir; trí gheata don táobh thuáigh; trí gheata don táobh theas; agus trí gheata don táobh shíar.
14
Agus do bhádar dhá fhonndameint déug ag balla na caithreach, agus iontasan anmanna dhá absdail déug a Nuáin.
15
Agus do bhí ag an tí do labhair riom giolcach órrgha, chum na caithreach agus a geatuigheadh, agus a balla do thomhas dó.
16
Agus do bhí an chathair ar na suighuighadh go ceathair uilleannach, agus dob ionann fad agus leithead di: agus do thomhais sé an chathair ris an ngiolcach, dhá mhíle dhéug sdáid. Agus is ionann fad agus leithead agus áirde dhi.
17
Agus do thomhais sé a bálla, céud agus ceathair air dhá fhichead chúbhad, do réir mhíosuir dhuine, eadhon, a naingil.
18
Agus is ré cloich Iaspis do tógbhadh súas a balla: agus bá hór glan an chathair féin, cosmhail ré gloine fíorghlan.
19
Agus do bhádar fonndameinteintíghe bhalla na caithreach ar na ndéunamh deaghmhaiseach ris a nuile gné chloch úasal. Bá Iaspis an céud fhundameint: Saphir, an dara fonndameint; Smaragaid, an ceáthramhadh fonndameint;
20
Sardónics, an cuigeadh fonndameint; Sardinis, an seiseadh fonndameint; Chriosolit, an seachdmhadh fonndameint; Berill, an tochdmhadh fonndameint; Topáis, an náomhadh fonndameint; Chrisophrasuis, an deachmhadh fonndameint; Iácint, an táonughadh fonndameint déug; Ametist an dara fonndameint déug.
21
Agus do bhádar an dá gheata dhéug na ndá bpéurla dhéug; agus is déinphéurla do rinneadh gach geata dhíobh fó leith: agus do bhí sráid na caithreach na hór ghlan, amhuil gloine dheallruigheach.
22
Agus ní fhácuidh mé teampoll innte óir a sé an Tíghearna Día Uilechumhachdach agus an Túán as teampoll di.
23
Agus ní ríachdanach air an ccathruighse grían, ná gealach dó shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.
24
Agus siubhalfuidh na cineadhacha díobh ata slan ann a solais sin: agus béuruid ríghthe na talmhan a nglóir agus a nonóir chuice.
25
Agus ní dúnfuighthear a geatuídhe do ló: óir ní bhiáidh oidhche ann sin.
26
Agus béurthár glóir agus onóir na gcineadhach da hionnsuighe.
27
Agus ni racha a steach innte ní ar bith neamhghlan, ná do ní gráineamhlachd, ná bréug: achd amháin an dream atá sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22