bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Colossians 1
Colossians 1
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Pól, abstal Íosa Críost de thoil Dé, agus Timóteus bráthair,
2
chum na naomh agus chum na mbráthar dílis i gCríost atá i gColossae, grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair.
3
Do‐bheirimíd buidheachas le Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, ag guidhe i gcómhnaidhe ar bhur son,
4
ó chualamar trácht ar bhur gcreideamh i nÍosa Críost, agus ar an ngrádh atá agaibh do na naomhaibh go léir,
5
as ucht an dóchais atá i dtaisce ’n‐bhur gcómhair ins na flaitheasaibh, go gcualabhar tuairisc ’n‐a thaobh roimhe seo i mbriathar fírinne an tsoiscéil,
6
tháinig chugaibh‐se; fá mar tá sé ag tabhairt tortha ar fud an domhain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐bhur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualabhar agus ’n‐a bhfuarabhar eolas ar ghrása Dé i bhfírinne;
7
mar d’fhoghlaim sibh ó Epafras, ár gcóimh‐sheirbhíseach ionmhain, atá ’n‐a mhinistir dílis do Chríost ar ár son,
8
agus do chuir bhur ngrádh san Spiorad i dtuigsin dúinn.
9
Ar an adhbhar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a thaobh, ní scuraimíd de bheith ag déanamh urnaighthe ar bhur son, agus g‐á iarraidh go líonfar sibh d’eolas a thola san uile eagnaidheacht agus tuigsin spioradálta,
10
chum go siubhalfaidh sibh mar d’oirfeadh daoibh san Tighearna, go sásóchaidh sibh é ar an uile shlighe, ag tabhairt tortha san uile dheagh‐ghníomh, agus bhur n‐eolas ar Dhia ag dul i méid;
11
sibh daingnighthe le gach neart tré chumhacht a ghlóire, nó go raibh sibh lán‐fhoidhneach, fad‐fhulaingeach le h‐áthas;
12
ag breith buidheachais leis an Athair, do rinne sinn oireamhnach chum bheith rannpháirteach i n‐oidhreacht na naomh san tsolas.
13
D’fhuascail sé ó chumhacht an dorchadáis sinn, agus d’aistrigh sé go ríoghacht a Mhic ionmhain féin sinn;
14
an té ’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacaidhe.
15
Is é íomháigh an Dé dho‐fheicsiona é, céid‐ghein gach ar cruthuigheadh;
16
óir is ann do cruthuigheadh gach nidh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir neithe so‐fheicsiona agus neithe dofheicsiona, cia aca righ‐chathaoireacha, nó tighearnaisí, nó flaitheasa, nó cumhachta iad: is tríd‐sean agus chuige‐sean do cruthuigheadh iad go léir;
17
agus atá sé féin roimh an uile nidh, agus is tríd‐sean dhlúthuigheas siad le chéile.
18
Agus is é ceann an chuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príomh‐thús é, an chéid‐ghein ó na marbhaibh; chum go mbéadh an t‐árd‐ghradam aige san uile nidh.
19
Óir ba é toil an Athar go ndéanfadh an iomláine ar fad cómhnaidhe ann;
20
agus ba toil leis gach uile nidh do réidhteach leis féin tríd, idir neithe atá ar talamh agus neithe atá ar neamh; ag déanamh síothchána tré fhuil a chroise.
21
Agus sibh‐se do bhí lá de’n traoghal ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh agus ’n‐bhur náimhdibh ’n‐bhur n‐aigne de dheascaibh bhur ndroch‐ghníomhartha, atá
22
sibh réidhtighthe leis anois tré chorp a fheola de bhárr an bháis, chum sibh do thabhairt naomhtha, gan locht, gan cionnta ’n‐a fhiadhnaise,
23
acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.
24
Do‐ghním gáirdeachas anois i lár mo bhuaidheartha ar bhur son, agus líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n‐easnamh ar son a chuirp,
25
is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnadh ministir díom, do réir an chúraim do chuir Dia orm ar bhur son, chum briathar Dé do chóimhlíonadh go h‐iomlán,
26
an rúindiamhair d’fhan fá cheilt ar gach aois agus ar gach geinealach, acht atá nochttha anois d’á naomhaibh;
27
d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire.
28
Is eisean fhoillsighmíd, ag spreagadh gach uile dhuine, chum gach uile dhuine do thabhairt iomlán i gCríost.
29
Chuige sin is eadh atáim ag obair ar mo dhícheall, ag spairn do réir a chumair oibrigheas go cumhachtach ionnam.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4