bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Colossians 3
Colossians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Uime sin, má tá sibh aiséirghthe i n‐éinfheacht le Críost, loirgidh na neithe atá thuas mar a bhfuil Críost ’n‐a shuidhe ar dheaslaimh Dé.
2
Cuiridh bhur ndúil ins na neithibh atá thuas, ní ins na neithibh atá ar talamh.
3
Óir d’éagabhar, agus atá bhur mbeatha foluighthe mar aon le Críost i nDia.
4
Nuair foillseochar Críost, ár mbeatha‐na, foillseochar sibh‐se, chómh maith, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.
5
Uime sin marbhuighidh bhur mbaill atá ar talamh; striapachas, neamh‐ghlaine, ainmhianta, droch‐chlaonta, agus sainnt — íodhal‐adhradh is eadh í;
6
óir is de dheascaibh a leithéidí sin thig díbheirg Dé ar chlainn na h‐easumhlachta;
7
’n‐ár shiubhail sibh‐se roimhe seo, an tráth ’n‐a raibh sibh ag caitheamh bhur saoghail ins na neithibh úd.
8
Acht anois cuiridh uaibh na neithe seo go léir, leis; fearg, buirbe, droch‐rún, bíodán, droch‐chainnt as bhur mbéal.
9
Ná labhraidh bréag le chéile; ó tá an seanduine agus a ghníomhartha curtha dhíbh agaibh,
10
agus ó tá an nua‐dhuine curtha umaibh agaibh, agus é d’á athnuadhadh i n‐eolas do réir íomháighe an té do chruthuigh é.
11
Ní fhuil Gréagach ná Iúdach ann, ní fhuil timcheall‐ghearradh ná neamh‐thimcheall‐ghearradh, barbarach, Scitidheach, daor ná saor ann, acht is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.
12
D’á bhrigh sin, mar dhéanfadh clann toghtha Dé, naomhtha agus ionmhain, cuiridh umaibh croidhe trócaire, muinntearas, umhlacht, macántacht, fad‐fhulang;
13
ag foidhneamh le chéile, agus ag maitheamh d’á chéile, má bhíonn cúis ar bith ag aoinneach ar dhuine eile; fá mar thug Críost maitheamhnas daoibh‐se,
14
déanaidh‐se mar an gcéadna: agus thar gach nidh eile, cuiridh umaibh an grádh, óir is é snaidhm na ndeagh‐shubháilce é.
15
Agus síothcháin Chríost, chum ar glaodhadh sibh i n‐aon chorp amháin, bíodh sí ag riaghlú ’n‐bhur gcroidheachaibh; agus bidhidh buidheach.
16
Déanadh briathar Críost cómhnaidhe go fairsing san uile eagna ionnaibh; ag múineadh agus ag spreagadh a chéile le salmaibh, agus le h‐iomnaibh, agus le dántaibh spioradálta, ag cantaireacht do Dhia le grása ’n‐bhur gcroidheachaibh.
17
Agus cibé nidh do‐ghní sibh, i mbriathar béil nó i ngníomh, déanaidh an uile nidh i n‐ainm an Tighearna Íosa, ag tabhairt buidheachais do Dhia tríd.
18
A mhná, bidhidh umhal do bhur bhfearaibh, mar is cóir san Tighearna.
19
A fheara, tabhraidh grádh do bhur mnáibh, agus ná bidhidh searbh ’n‐a n‐aghaidh.
20
A chlann ó, bidhidh umhal do bhur n‐aithreachaibh agus do bhur máithreachaibh san uile nidh, óir taithneann sin leis an Tighearna.
21
A aithreacha, ná brostuighidh bhur gclann chum feirge, ar eagla mí‐mheisneach do chur ortha.
22
A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh do réir na feola, ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shásamh, acht le deagh‐thoil croidhe,
23
i n‐eagla an Tighearna: cibé nid do‐ghní sibh déanaidh ó’n anam é, mar dhéanfadh sibh do’n Tighearna,
24
agus ní do dhaoinibh é; agus a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar luaigheacht ó’n Tighearna: is do’n Tighearna Críost atá sibh ag déanamh seirbhíse.
25
Óir an té do‐ghní an éagcóir, cúiteochar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige,
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4