bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Colossians 4
Colossians 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
1
agus ní fhuil meas ar phearsain duine seachas a chéile. A mháighistreacha, tabhraidh a gceart agus a gcomhthrom féin do bhur seirbhíseachaibh, agus a fhios agaibh go bhfuil Máighistir agaibh féin ar neamh, leis.
2
Leanaidh go buan de’n urnaighe, agus bidhidh go h‐aireach innti,
3
le breith buidheachais; ag guidhe orainne ar an am céadna, go bhfosclóchaidh Dia doras do’n bhriathar dúinn, chum rúindiamhair Chríost, go bhfuilim‐se i gcuibhreachaibh ar a son, d’innsin;
4
chum go bhfoillseochad é, mar ba cheart dom labhairt.
5
Siubhlaidh go stuamdha i dtaobh na ndaoine atá lasmuigh, ag baint tairbhe as an uain.
6
Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach.
7
Tichicus, bráthair ionmhain, agus ministir dílis, agus cóimhsheirbhíseach san Tighearna, bhéarfaidh seisean scéala dhaoibh fám’ ghnóthaibh.
8
Chuige sin is eadh do chuireas chugaibh é, chum go mbéidh a fhios agaibh cionnas mar tá an saoghal againn, agus go dtiubhraidh sé sólás croidhe dhaoibh;
9
mar aon le hOnésimus, bráthair dílis, ionmhain, duine dhíbh féin. Bhéarfaidh siad‐san fios scéil daoibh i dtaobh gach a bhfuil d’á dhéanamh agam.
10
Beannuigheann Aristárchus, cómh‐phríosúnach liom, beannuigheann seisean daoibh, mar aon le Marcus, col ceathair Bharnabais (go bhfuair sibh órduighthe ’n‐a thaobh;
11
má thagann sé chugaibh, glacaidh leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de lucht an timcheall‐ghearrtha iad‐san: is iad‐san amháin do bhí ’n‐a gcómh‐oibridhthibh i n‐éinfheacht liom ar son ríoghachta Dé, fir do bhí mar shólás croidhe dhom.
12
Epafras, duine dhíbh féin, seirbhíseach Íosa Críost, beannuigheann seisean daoibh, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaighthibh ar bhur son, g‐á ghuidhe go seasfaidh sibh go diongbhálta, lán‐dearbhtha de thoil Dé.
13
Óir do‐bheirim m’fhiadhnaise ’n‐a thaobh go mbíonn sé ag saothrú go dian ar bhur son‐sa, agus ar son a bhfuil i Laodicia, agus ar son a bhfuil i Hiéropolis.
14
Beannuigheann Lúcás, liaigh grádhach, agus Démas daoibh.
15
Beiridh beannacht chum na mbráthar atá i Laodicia, agus chum Nimfa, agus chum na h‐eaglaise atá ’n‐a tigh.
16
Agus nuair bhéas an eipistil seo léighte ’n‐bhur measc féin daoibh, cuiridh d’á léigheamh í i n‐eaglais na Laodiciach leis; agus léighidh‐se an eipistil ó Laodicia mar an gcéadna.
17
Agus abraidh le hArchippus, Tabhair aire do’n mhiniostrálacht fuairis ó’n Tighearna, chum go gcóimhlíonfair í.
18
Mo bheannacht uaim‐se Pól, lem’ láimh féin. Cuimhnighidh ar mo chuibhreachaibh. Grása go raibh libh.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
All chapters:
1
2
3
4