bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Colossians 2
Colossians 2
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
1
Óir ba mhian liom a chur i bhfios daoibh a dhéine is tá an troid atá d’á déanamh agam ar bhur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile nach bhfaca mo ghnúis san bhfeoil;
2
chum go neartóchar a gcroidheacha, chum go ndlúthóchar iad le chéile i ngrádh, agus go mbéidh gach saidhbhreas aca maidir le lán‐dearbhthacht tuigseana, chum go bhfaighidh siad eolas ar rúindiamhair Dé, is é sin Críost,
3
’n‐a bhfuil gach ionnmhas eagna agus eolais i bhfolach.
4
Adeirim an méid seo ar eagla go meallfadh aoinneach le clisteacht cainnte sibh.
5
Óir, gidh go bhfuilim as láthair san gcolainn, atáim ’n‐bhur láthair san spiorad, ag déanamh gáirdeachais agus ag breathnú an eagair atá oraibh, agus ag breathnú seasmhachta bhur gcreidimh i gCríost.
6
Uime sin, ó ghlacabhar Íosa Críost mar Thighearna chugaibh,
7
siubhlaidh ann d’á réir, sibh fréamhuighthe agus daingnighthe ann, fá mar tugadh teagasc daoibh, ag dul i méid ann le lán‐bhuidheachas.
8
Seachnaidh an meallfadh aoinneach le n‐a fheallsamhnacht agus le n‐a bhaoth‐theagasc sibh, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an domhain, agus ní do réir Chríost:
9
óir is ann go corpordha atá iomláine na Diadhachta ar fad,
10
agus is ann atá gach nidh go h‐iomlán agaibh‐se, san té is árd‐cheann ar gach flaitheas agus ar gach cumhacht,
11
’n‐ár timcheall‐ghearradh sibh le timcheall‐ghearradh nach ndearnadh le lámhaibh, leis an timcheall‐ghearradh atá i gCríost, ag cur cuirp na feola dhíbh; ó h‐adhnachadh sibh mar aon leis san mbaisteadh,
12
atá sibh aithbheodhuighthe mar aon leis tré chreideamh i gcumhacht Dé do thóg ó na marbhaibh é.
13
Agus sibh‐se do bhí marbh de dheascaibh bhur gcionnta agus tré neamh‐thimcheall‐ghearradh bhur bhfeola, d’aithbheodhuigh sé i n‐éinfheacht leisean sibh, tar a éis dó ár gcionntaí uile do mhaitheamh dhúinn.
14
Do chuir sé deireadh leis an mbanna atá scríobhtha i reachtaibh ’n‐ár gcoinnibh, do bhí contrárdha dhúinn; agus do ghlan sé as an slighe é,
15
g‐á tháirngneáil do’n chrois; ag cur na bhflaitheas agus na gcumhacht de, do rinne sé sompla saoghalta dhíobh, ag buadhachtain ortha d’á bárr.
16
Ná leigidh d’aon duine bheith ’n‐a bhreitheamh oraibh fá bhiadh, nó fá dhigh, nó fá lá féile, nó fá ghealaigh úir,
17
nó fá lá sabóide: ní fhuil ionnta siúd acht scáil na neithe atá le teacht; acht is é Críost an bunadhas.
18
Ná leigidh d’aon duine bhur luaigheacht do mhealladh uaibh, g‐á shásamh féin fá scáth umhlachta dhá deoin féin agus le h‐adhradh do thabhairt d’ainglibh, ag seasamh ar a bhfaca se, agus é d’á theannadh le h‐uabhar ag a céadfaidhibh colnaidhe féin,
19
gan greim do choimheád ar an gCeann, ó n‐a méaduigheann an corp uile le fás ó Dhia, agus é d’á chothú agus d’á shnaidhmeadh le chéile le h‐altaibh agus le lúitheachaibh.
20
Má’s fíor go bhfuil sibh básuighthe i n‐éinfheacht le Críost ó dhúlaibh an domhain, cad chuige dhaoibh géilleadh do reachtaibh mar dhéanfadh daoine mhaireas san tsaoghal so.
21
Ná láimhsigh é, ná blais é,
22
ná bain leis, (neithe iad so uile bhíos gan feidhm tar éis úsáid do dhéanamh dhíobh), do réir aitheanta agus teagaisc daoine.
23
Is fíor go bhfuil cuma eagnaidheachta ar na neithibh sin chum adhradh deontach, agus umhlacht, agus smacht ar an gcorp do chur i gcéill; acht ní fhuil aon éifeacht ionnta chum cosc do chur le h‐ainmhiantaibh na feola.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4