bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Timothy 1
2 Timothy 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Pól, aspal ag Íosa Críost le toil Dé de réir gealltanais na beatha atá in Íosa Críost,
2
Ag beannú do Thimótéus, an mac is ansa liom: An grásta, an trócaire, agus an tsíocháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.
3
Bím á altú le Dia a bhfuil mé i mo fhreastalaí aige le dea-choinsias, mar bhí mʼaithreacha romham, ag cuimhneamh ort go mion agus go minic i mʼurnaithe.
4
Nuair a chuimhním ar do dheora, bím ag dúil oíche is lá le dʼfheic-eáil, ionas go mbeinn lán dá lúcháir.
5
Cuireann sin dúthracht do chreidimh i gcuimhne dom, an creideamh sin a raibh cónaí aige i do sheanmháthair Lóis agus í do mháthair Eunícé agus atá anois, táim cinnte, ina chónaí ionatsa.
6
Dá bhrí sin cuirim i gcuimhne duit an tíolacadh sin ó Dhia atá ionat trí leagan mo lámh a athfhadú;
7
ó nach sprid chloíte í a bhronn Dia orainn ach sprid na sárchumh-achta na seirce agus na sriantachta.
8
Nára náireach leat é tú féin fianaise a thabhairt ar ár dTiarna, ná ormsa atá i mo phríosúnach aige, ach gabh do pháirt sna pianta atá le fulaingt ar son an tsoiscéil le cumhachtaí Dé,
9
a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghairm, ní as ucht ár n-oibreacha féin ach as ucht an chuspóra a bhí curtha roimhe aige agus as ucht an ghrásta a bhronn sé orainn in Íosa Críost na cianaoiseanna ó shin,
10
mar atá anois á thaispeáint trí léirnochtadh ár Slánaitheora Íosa an Críost, a chuir an bás ar ceal agus a thug chun solais tríd an soiscéal an bheatha bhuan agus an neamhbhásmhaireacht.
11
Ceapadh mise mar sheanmóirí agus aspal agus oide múinte an tsoiscéil chéanna,
12
agus sin is cúis leis na pianta seo atá á bhfulaingt agam. Ach ní náire liom sin, ós aithnid dom an té ar chreid mé ann, agus ó tá mé cinnte gur féidir leis ar taobhaíodh liom a chaomhnú go dtí an Lá úd.
13
Lean lorg mhúnla na bhfocal folláin a chuala tú uaim, sa chreideamh agus sa ghrá atá in Íosa an Críost;
14
coimeád an fhírinne a taobhaíodh leat le cabhair an Naomh-Spioraid a chónaíos ionainn.
15
Níl tú gan fhios gur thug a bhfuil san Áise cúl a láimhe liom, agus is orthusan atá Figélus agus Hermógenéas.
16
Go ndéana Dia trócaire ar theaghlach Onésiforus, mar ba mhinic a fuair mé faoiseamh uaidh; níor náire leis na geimhle seo orm,
17
ach ar shroicheadh na Róimhe dó chuir sé mo thuairisc go dian go dtí go bhfuair sé mé—
18
go ndeona an Tiarna dó trócaire a bheith ag an Tiarna air an Lá úd—agus tá a dhea-fhios agat ar a ndearna sé de fhreastalacht san Eiféis.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4