bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Timothy 4
2 Timothy 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
1
Cuirim mar chúram ort i láthair Dé agus i láthair Íosa Críost atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus as ucht a theachta agus teacht a ríochta:
2
bí ag seanmóireacht an bhriathair, bíodh faobhar ort i dtráth agus in antráth, bí ag áiteamh agus ag ceartú agus ag spreagadh, gan teip ar dʼfhoighne ná ar do theagasc.
3
Mar tá an t-am ag teacht nach mbeidh acmhainn ag na daoine ar dhea-theagasc folláin, agus tochas orthu le cluas a thabhairt do lucht theagasc na comhairle atá in aice lena dtoil,
4
agus iad ag tabhairt na cluaise bodhaire don fhírinne agus ag dul ar thóir na bhfinscéalta bréige.
5
Ach maidir leat féin, bí staidéartha i gcónaí, bíodh acmhainn agat ar chruatan, bí i do shoiscéalaí saothrach, agus bain iomlán éifeachta as do mhinistreacht.
6
Óir táim ar shéala bheith do mʼíobairt; agus tá sé in am agam an saol seo a fhágáil.
7
Tá dea-throid curtha agam, tá mo chúrsa rite agam, níor fheall mé ar an gcreideamh.
8
As seo tá bláthfhleasc na fíréantachta i dtaisce i mo choinne, a mbeidh an Tiarna, an breitheamh fíréan úd, á bronnadh orm an Lá úd, agus ní ormsa amháin ach ar an uile dhuine den dream arb ansa leo a thaispeáint.
9
Déan do dhícheall le teacht chugam gan mhoill.
10
Ó tá Démas, a thug grá don saol seo, i ndiaidh mo thréigean le Tesaloníca a thabhairt air féin; dʼimigh Crescens go Galátia, agus Titus go Dalmatia.
11
Níl fágtha agam ach Lúcás amháin. Faigh Marcas agus tabhair leat é; ós maith a dhéanas sé timireacht orm.
12
Tá Ticicus curtha uaim go dtí an Eiféis.
13
Nuair a bheas tú ag teacht, tabhair leat an fhallaing a dʼfhág mé ag Carpas i dTróas, agus na leabhair, agus go háirithe na meamraim.
14
Is mór an dochar a rinne Alastair an gabha copair orm; cúiteoidh an Tiama a ghníomhartha leis.
15
Bí féin ar dʼaire air freisin, mar chuir sé go láidir in éadan ár mbriathra.
16
Níor sheas aon duine liom agus mé do mo chosaint féin sa chúirt an chéad uair; rinne siad uile go léir mo thréigean, nár aifrí Dia orthu é!
17
Ach sheas an Tiarna taobh liom agus chuir sé neart ionam leis an mbriathar a fhógairt, ar chaoi go gcluinfeadh na Gintlithe uile é, agus tugadh saor mé as craos an leoin.
18
Is é an Tiarna a shaorfas mé ó olc agus a choimeádfas slán mé le haghaidh a ríochta neamhaí. Go raibh glóir dó go saol na saol. Áiméan.
19
Beannaigh do Phrisca agus dʼAcuila, agus do theaghlach Onésiforus.
20
Dʼfhan Erastus i gCoraint; dʼfhág mé Trófi-mus i Milétus agus é breoite.
21
Déan do dhícheall le teacht roimh an ngeimhreadh. Beannaíonn Eubúlus duit, agns Púdens agus Linus agus Claudia agus na bráithre go léir leis.
22
Go raibh an Tiama le do sprid. Grásta Dé leat.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
All chapters:
1
2
3
4