bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Timothy 3
2 Timothy 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Ach tuig é seo, go mbeidh am crua ann i laethanta deireanacha an domhain.
2
Mar beidh na daoine mar mhaithe leo féin, santach, bródúil, diomasach, magúil, easumhal dá dtuismitheoirí, míbhuíoch, mínaofa,
3
gan daonnacht, gan trócaire, cúlchainteach, drabhlásach, fíochmhar, fuath acu don mhaith,
4
iad fealltach, ceanndána, á séideadh le huabhar, ina ndaoine ar fearr leo a bpléisiúr féin ná Dia,
5
a mbíonn gné an chreidimh acu ach a dhiúltaíos dá chumhacht. Ná bíodh baint agat lena macasamhla siúd.
6
Is díobh iad siúd a shnámhas isteach i dteaghlaigh agus a dhéanas braighde dʼóinseacha, atá faoi thromualach peacaí, agus a mbíonn tallannacha taodacha á luascadh,
7
a éisteas le gach comhairle agus nach bhféadann teacht chun eolais na fírinne.
8
Mar chuir lanes agus Iambres in éadan Mhaois, is mar sin a chuireann na fir seo in éadan na fírinne, fir na hintinne truaillithe agus an bhréagchreidimh;
9
ach ní rachaidh siad i bhfad chun tosaigh, agus dála na beirte úd, beidh a gcuid amaidí soiléir don saol.
10
Anois bhreathnaigh tú mo theagasc, eagar mo bheatha, mo chuspóir, mo chreideamh, mʼfhoighne, mo ghrá, mo bhuanseasmhacht,
11
mo ghéarleanúintí agus a bhfuair mé de dhua ag Antíoc, in Icónium agus i Listra, cad iad na géarleanúintí a dʼfhulaing mé; ach thug an Tiama slán astu uile mé.
12
Ar ndóigh níl duine dá dtoilíonn beatha dhiaganta a chaitheamh in Íosa Críost nach gcuirtear géarleanúint air.
13
Agus beidh drochdhaoine agus mealltóirí ag dul in olcas, ag mealladh agus á mealladh.
14
Ach maidir leat féin, cuir leanúntas ar ar fhoghlaim tú agus ar ar chreid tú ann, ó tá a fhios agat cé hiad ar fhoghlaim tú uathu é,
15
agus ós aithnid duit ó aois linbh an scríbhinn dhiaga atá in ann eagnaíocht do shlánaithe a mhúineadh duit trí chreideamh in Íosa Críost.
16
Tá tinfeadh Dé i ngach aon scríbhinn dhiaga agus fónann sí le dea-theagasc a thabhairt, agus drochtheagasc a bhréagnú, le daoine a chur ar bhealach a leasa agus lena n-oiliúint san fhíréantacht,
17
ionas go mbeidh an duine is le Dia iomlán gan easpa agus é á ghléasadh le haghaidh gach cineál dea-oibre.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4