bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Timothy 2
2 Timothy 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
1
Bí láidir mar sin, a mhic, i gcumhachtaí an ghrásta atá in Íosa an Críost,
2
agus taobhaigh ar chuala tú uaim os comhair mórán finnéithe le fir chreidmheacha a bhfuil i ndán dóibh daoirle eile a theagasc.
3
Bí páirteach i bpian mar a dhéanfadh dea-shaighdiúir le hÍosa an Críost.
4
Nuair a théas an saighdiúir chun cogaidh, ní bhíonn sé á mheascadh féin i ngnóthaí saolta nach mbaineann leis, ach ag iarraidh an té ar liostáil sé leis a shásamh.
5
Ní bhaineann lúthchleasaí an chraobh mura ndéanann sé an choimhlint de réir na rialacha.
6
Is é an feirmeoir is crua a oibríos ar dual dó an chéad chuid de na torthaí a fháil ar dtús.
7
Déan do mhachnamh arís ar a bhfuil á rá agam, ó bronnfaidh an Tiarna tuiscint gach ní ort.
8
Go mba chuimhneach leat Íosa Críost, de shliocht Dháibhí a dʼéirigh ó mhairbh, a bhíos á sheanmóireacht i mo shoiscéalsa,
9
an soiscéal a bhfuil mise ag fulaingt ar a short agus mé ag caitheamh geimhle mar choirpeach. Ach ní fhéadtar briathar Dé a cheangal le geimhle.
10
Mar sin níl ní ar bith ann nach bhfuil acmhainn agam air mar gheall ar dhaoine tofa Dé, ionas go bhfaighe siadsan seilbh freisin ar an slánú a ghabhas le síoraíocht na glóire in Íosa Críost.
11
Is iontaofa an ráiteas é: Má chuamar dʼéag leis, mairfimid beo leis freisin;
12
má bhímid buanseasmhach, beidh an réim ríochta againn leis freisin; má dhiúltaímid dó, diúltóidh sé dúinn freisin;
13
más dochreite dúinn é, fanann sé so-chreite— ní íhéadann sé é féin a shéanadh.
14
Cuir é seo i gcuimhne dóibh, agus bagair orthu os comhair an Tiarna fanacht amach ó bhriatharchathanna nach dtéann chun tairbhe, ach ag treascairt a n-éisteann leo.
15
Déan do dhícheall le tú féin a thoirbhirt do Dhia mar dhuine a shásaíos é, oibrí nár dhual dó a náiriú, a dhíríos briathar na fírinne mar is fearr a oireas sé.
16
Bí bodhar-chluasach do bhaothchaint, ó cuirfidh sí tuilleadh daoine chun aindiagachta in aghaidh an lae,
17
agus ó beidh a mbriatharsan ag creimeadh leis mar mhorgadh feola. Is orthusan Himenéus agus Filétur,
18
a dʼimigh ón bhfírinne sa tuairim sin acu go bhfuil an t-aiséirí thart cheana féin. Tá daoine ann ar choscair siad a gcreideamh.
19
Ach tá an dúshraith a chuir Dia daingean buanseasmach, agus seo mar shéala uirthi: “Is ag Dia atá a fhios cé hiad is leis,” agus “Gach duine a ainmníos ainm Dé fanadh sé ó éagóir.”
20
I dteach mór ní bhíonn soithí óir agus soithí airgid amháin ann, ach soithí cré agus soithí adhmaid, agus tá cuid acu a mbaintear úsáid ard uasal astu, agus cuid eile a mbaintear úsáid shuarach uiríseal astu.
21
An té a bhíos á ghlanadh féin ó gach anuaisleacht, beidh seisean ina shoitheach a mbaintear úsáid uasal as, agus beidh sé á naomhchoisreacan le feidhm a dhéanamh do raháistir an ti, agus é réidh ullamh le haghaidh gach cineál oibre is fearr ann.
22
Seachain mar sin ainmhianta na hóige, agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht agus ar an gcreideamh agus ar an ngrá agus ar an tsíocháin, i gcuideachta a nglaonn ar an Tiarna ó chroi íonghlanta.
23
Ná bíodh baint ar bith agat le díospóireachtaí amaideacha aineolacha; ós feasach duit go n-éiríonn troideanna astu.
24
Agus ní cóir do sheirbhíseach Dé bheith tugtha don troid, ach bheith cineálta le cách, ina dhea-oide fadfhoighneach,
25
a dhéanas a mbíonn ina choinne a cheartú go cneasta. Ó dʼfhéadfadh Dia aithreachas agus fios na fírinne a bhronnadh orthu,
26
go n-imeoidís as dol an diabhail, i ndiaidh bheith ina mbraighde aige lena thoil a dhéanamh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4