bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
John 15
John 15
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 16 →
1
“Is mise an fhíniúin fhírinneach, agus is é mʼAthair a bhíos ag cóiriú na finiúna.
2
Gach craobh orm nach dtugann toradh, beireann sé as í, agus gach craobh dá dtugann toradh bíonn sé á diogáladh, ionas go dtabharfaidh sí tuilleadh toraidh uaithi.
3
Tá sibhse glanta cheana féin leis an mbriathar a labhair mé libh.
4
Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa.
5
Is mise an fhíniúin, is sibhse craobhacha na fíniúna. An té sin a chónaíos ionamsa, agus a mbímse i mo chónaí ann, is é is troime toradh, mar ní fhéadann sibh faic a dhéanamh i mʼéagmais.
6
Má tá duine ann nach bhfanann ionam, caithfear amach é, mar a chaitear craobh amach agus mar a chríonann sí; agus bítear ag bailiú na gcraobhacha caite sin, agus á gcaitheamh isteach sa tine agus á ndó.
7
Má fhanann sibh ionamsa, agus má fhanann mo bhriathrasa ionaibh, bígí ag iarraidh bhur rogha ruda, agus déanfar an rud sin daoibh.
8
Is é seo a bhíos mar ábhar glóirithe ag mʼAthair, toradh trom a theacht oraibh, rud a chruthós go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam.
9
Thug mé an grá daoibh a thug an tAthair domsa; fanaigí i mo ghrá-sa.
10
Fanfaidh sibh i mo ghrá-sa ach sibh mʼaitheanta a choinneáil, mar a choinnímse aitheanta mʼAthar agus mar a fhanaimse ina ghrá-san.
11
Tá na nithe seo inste agam daoibh, ionas go mbí sibh in bhur n‑ábhar lúcháire agam, agus ionas go mbí bhur lúcháir lán.
12
“Is í seo mʼaithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh.
13
Níl grá ar bith ann ag fear ar bith is mó ná seo, an fear a thabharfadh a anam ar son a chairde.
14
Is sibhse mo chairde, má dhéanann sibh mar a ordaím daoibh.
15
Ni thugaim seirbhíseach oraibh níos mó, ó nach eol don seirbhíseach gníomh a thiarna; ach thug mé cairde oraibh, ó nach bhfuil ní dár chuala mé ag mʼAthair nár fhoilsigh mé daoibhse.
16
Ní sibh a thogh mise, ach mise a thogh agus a cheap sibhse chun go n‑imeodh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh, agus go mbeadh bhur dtoradh buan; ar mhodh go dtuga an tAthair daoibh cibé a iarrfas sibh i mʼainmse.
17
Táim á ordú sin daoibh, chun go mbeidh grá agaibh dá chéile.
18
“Má bhíonn fuath ag an saol daoibh, bíodh a fhios agaibh go raibh tús fuatha aige domsa.
19
Dá mba den saol sibh, bheadh dámh ag an saol libh, ach as siocair nach den saol sibh, ach mo rogha a thogh mé as, bíonn fuath ag an saol daoibh.
20
Cuimhnigí ar an mbriathar úd a dúirt mé libh, ‘Ní fearr an seirbhíseach ná a thiarna.’ Má chuir siad géarleanúint ormsa, cuirfidh siad géarleanúint oraibhse; má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa freisin.
21
Ach déanfaidh siad é sin uile oraibh mar gheall ormsa, as siocair gan aithne a bheith acu ar an té a chuir uaidh mé.
22
Murab é gur tháinig mé agus gur labhair mé leo, ní bheadh peaca orthu; ach anois níl leithscéal a bpeaca acu.
23
An té a thugas fuath dom is do mʼAthair a thugas sé fuath.
24
Murab é go ndearna mé oibreacha ina measc siúd nach raibh déanta ag duine ar bith eile, ní bheadh aon pheaca orthu; ach mar atá anois chonaic siad agus thug siad fuath don bheirt againn—mise agus mʼAthair.
25
Ach tharla sin ag fíorú an rá atá scríofa ina ndlí-sean, ‘Thug siad fuath dom gan ábhar.’
26
Ach nuair a thiocfas an Comhairleoir, a bheas á chur agam chugaibh ó mʼAthair, is é sin an Spiorad úd na fírinne, a bhíos ag gluaiseacht amach ón Athair, tabharfaidh seisean fianaise orm;
27
agus is finnéithe sibh fós, ó bhíodh sibh i mo chuideachta ó thús.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21