bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
John 4
John 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
1
Anois nuair a dʼaithin an Tiarna gur chuala na Fairiséigh go raibh Íosa ag sárú Eoin ag déanamh deisceabal agus á mbaisteadh,
2
(cé nárbh é Íosa féin a bhíodh á mbaisteadh, ach a dheisceabail amháin),
3
dʼfhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair.
4
Agus bhí air dul trí Shamária.
5
Tháinig sé mar sin go cathair de chuid Shamária a raibh Saicar mar ainm uirthi, a bhí cóngarach don ghort a thug Iácób dá mhac Iósaf.
6
Is ansin a bhí tobar Iácóib, agus ó bhí Íosa tuirseach dá shiúl, shuigh sé faoi le taobh an tobair. Bhí sé i dtrátha an séú huair (den lá).
7
Tháinig bean Shamaratánach le huisce a tharraingt. “Tabhair deoch dom,” arsa Íosa léi.
8
Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach.
9
Dʼfhiafraigh an bhean Shamaratánach de, “Conas a dʼiarrfá deoch ar bhean Shamaratánach agus tú i do Ghiúdach?” Mar ní bhíonn na Giúdaigh ag déanamh caidrimh leis na Samaratánaigh.
10
Dʼfhreagair Íosa í, “Dá mbʼeol duit tíolacadh Dé, agus cé sin a deir leat, ‘Tabhair deoch dom,’ bheifeá i ndiaidh a iarraidh air, agus é i ndiaidh fíoruisce na beatha fíre a thabhairt duit.”
11
Arsa an bhean leis, “A Shaoi, níl aon ghléas tarraingthe agat, agus is domhain an tobar é; cá has a bhfaigheann tú an t‑uisce úd na beatha?
12
An mó tusa ná ár ngarathair Iácób, a thug an tobar dúinn, agus a dʼól as é féin agus a chlann mhac agus a chuid eallaigh?”
13
Arsa Íosa léi, “Níl duine dá n‑ólann an t‑uisce seo nach mbeidh tart air arís,
14
ach an té a ólfas an t‑uisce a thabharfas mé dó, ní bheidh tart air choíche; éireoidh an t‑uisce a thabharfas mé dó ina thobar fíoruisce a mbíonn an bheatha shíoraí ag coipeadh as.”
15
Arsa an bhean leis, “A Shaoi, tabhair an t‑uisce sin dom, ionas nach mbeidh tart orm, agus ionas nach mbeidh sé de shaothar orm teacht anseo le huisce a tharraingt.”
16
Arsa Íosa léi, “Imigh, glaoigh ar do chéile fir, agus tagaigí anseo.”
17
Dʼfhreagair an bhean é, “Níl céile fir agam.” Arsa Íosa léi, “Is ceart mar a dúirt tú é, go raibh tú gan céile fir;
18
mar tá cúigear fear céile i ndiaidh a bheith agat, agus an té atá agat anois ní hé dʼfhear céile féin é; tá an fhírinne agat sa mhéid sin atá inste agat.”
19
Arsa an bhean leis, “A Shaoi, táthar á thaibhsiú dom gur tú an fáidh feasa.
20
Bhíodh ár sinsear ag adhradh ar an sliabh seo; agus is é a deir sibhse gurb í Iarúsailéim an áit ar chóir do dhaoine adhradh a dhéanamh inti.”
21
Arsa Íosa léi, “A bhean úd, creid uaimse é, tá an t‑am ag teacht nach n‑adharfaidh sibh an tAthair ar an sliabh seo ná in Iarúsailéim ach oiread.
22
Níl fhios agaibh cad é atá sibh á adhradh; is feasach dúinne cad é a bhíos á adhradh againn, mar is ó na Giúdaigh a thagann an slánú.
23
Ach tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, a mbeidh lucht an fhíoradhartha ag adhradh an Athar sa Spiorad agus san fhírinne, mar is iad a leithéidí a lorgaíos an tAthair lena adhradh.
24
Is Spiorad é Dia, agus caithfidh a lucht adhartha a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne.”
25
Dúirt an bhean leis, “Tá a fhios agam go bhfuil an Messía ag teacht (an té a dtugtar an Críost air); nuair a thiocfas seisean, níl ní nach nochtfaidh sé dúinn.”
26
Arsa Íosa léi, “Is mise é, agus tá sé ag caint leat.”
27
Ba é sin an t‑am ar tháinig a dheisceabail. Bʼiontach leo é a bheith ag caint le bean, ach ní raibh sé de dhánacht ag aon duine acu a rá, “Cad é atá uait?” nó “Cad chuige a bhfuil tú ag caint léi?”
28
Dʼfhág an bhean mar sin a soitheach uisce ina diaidh, agus dʼimigh léi chun na cathrach, go ndúirt leis na daoine,
29
“Tagaigí, go bhfeice sibh fear a dʼaithris dom a ndearna mé riamh. An féidir gurb é sin an Críost?”
30
Dʼimigh siad amach as an gcathair agus bhí siad ag tarraingt air.
31
Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá, “A Rabbí, caith bia.”
32
Ach ar seisean leo, “Tá bia le n‑ithe agam nach eol daoibhse.”
33
Bʼshiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?”
34
Ach is é a dúirt Íosa leo, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh.
35
Nach ndeir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar?’ Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair.
36
Faigheann an buanaí a thuarastal, agus cruinníonn sé toradh le haghaidh na beatha síoraí, mar dhúil is go mbeidh an buanaí agus fear curtha an tsíl faoi lúcháir le chéile.
37
Mar is anseo a fhíoraítear an nath, ‘An té a chuir an síol, ní hé a bhainfeas an barr’.
38
Chuir mé amach sibh le barr a bhaint nár oibrigh sibh air; rinne daoine eile an saothar, agus tá sibhse i ndiaidh dul i seilbh a saothairsean.”
39
Chreid mórán Samaratánach as an gcathair úd ann de bharr fhianaise na mná, “Dʼaithris sé dom a ndearna mé riamh.”
40
Nuair a tháinig na Samaratánaigh chuige dʼiarr siad air fanacht acu; agus dʼfhan sé dhá lá ann.
41
Agus chreid tuilleadh mór de bharr a bhriathair féin.
42
Ar siadsan leis an mbean, “Ní de bharr do bhriathairse a bhímid ag creidiúint feasta, mar chualamar lenár gcluasa féin é, agus tugadh le fios dúinn gurb é sin go cinnte Slánaitheoir an domhain.”
43
I ndiaidh an dá lá úd, dʼimigh sé ag tarraingt ar Ghalailí.
44
Mar thug Íosa é féin fianaise nach mbíonn meas fáidh ar aon duine ina dhúiche féin.
45
Dá bhrí sin de, nuair a tháinig sé go Galailí, bhí fáilte ag na Galailéigh roimhe, nuair a bhí siad i ndiaidh a ndearna sé in Iarúsailéim ar an bhféile a fheiceáil, ó chuaigh siadsan chun na féile freisin.
46
Tháinig sé mar sin an athuair go dti Cána i nGalailí, an áit a ndearna sé fíon den uisce. Agus bhí i gCaparnáum oifigeach a raibh a mhac breoite.
47
Nuair a chuala sé go raibh Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí, chuaigh sé chuige agus dʼagair sé air teacht anuas agus a mhac a leigheas, a bhí i mbéala báis.
48
Dúirt Íosa leis mar sin, “Mura bhfeiceann sibh comharthaí agus iontais, ní chreidfidh sibh.”
49
Arsa an t‑oifigeach leis, “A Shaoi, tar anuas sula bhfaighe mo leanbh bás.”
50
Arsa Íosa leis, “Imigh romhat; mairfidh do mhac.” Chreid an fear an briathar a labhair Íosa leis, agus dʼimigh sé roimhe.
51
Tháinig a sheirbhísigh ina airicis agus é ar a chosán síos gur inis dó go raibh a mhac beo.
52
Dʼfhiafraigh sé díobh mar sin cá huair a thosaigh sé ar fháil bisigh, agus ba é rud a dúirt siad leis, “Inné cothrom an seachtú huair dʼfhág an fiabhras é.”
53
Dʼaithin an t‑athair gurbh é sin an uair chéanna a ndúirt Íosa leis, “Mairfidh do mhac”; agus chreid sé féin, agus a theaghlach uile.
54
Ba é sin an dara comhartha a rinne Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21