bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
John 9
John 9
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
1
Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn.
2
Agus chuir a dheisceabail ceist air, “A Rabbí, an é a pheaca féin nó peaca a thuismitheoirí is cointach leis, gur rugadh ina dhall é?”
3
Is é a dʼfhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air.
4
Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair.
5
Chomh fada agus a bhímse ar an domhan, is mé solas an domhain.”
6
San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir,
7
agus dúirt sé leis, “Imigh, nigh thú féin i linn uisce Shilóam” (Teachtaireacht is ciall leis sin). Chuaigh sé leis gur nigh sé é féin gur fhill agus amharc na súl aige.
8
Is é a dúirt na comharsana agus an dream a dʼfheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?”
9
Dúirt cuid acu, “Is é atá ann;” bhí an dara dream ann a dúirt, “Ní hé sin é, ach duine atá cosúil leis.” Ach dúirt sé féin, “Is mise an fear.”
10
Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?”
11
Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”
12
Dʼfhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean.
13
Tugadh an fear a bhí ina dhall roimhe sin os comhair na bhFairiséach.
14
Anois ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an dóib agus ar oscail sé a shúile.
15
Dʼfhiafraigh na Fairiséigh de arís conas a fuair sé a amharc. Agus ar seisean leo, “Chuir sé an dóib ar mo shúile agus nigh mé iad, agus feicim leo.”
16
Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a dʼfhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” Dʼéirigh easaontas eatarthu.
17
Dúirt siad mar sin arís leis an dall, “Cad é atá le rá agat faoi, ós é a dʼoscail do shúile?” “Is fáidh é,” ar seisean.
18
Ni chreidfeadh na Giudaigh gur dall a bhí ann a fuair a amharc, go dtí gur chuir siad fios ar thuismitheoirí an fhir a fuair an t‑amharc,
19
agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?”
20
Ba é freagra a thuismitheoirí, “Is feasach dúinn gurb é sin ár mac, agus gur rugadh dall é;
21
ach conas a fheiceas sé anois nó cé a dʼoscail a shúile, sin nithe nach bhfuil ar eolas againn. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir, labhróidh sé ar a shon féin.”
22
Dúirt a thuismitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a dʼadmhódh gurbh é an Críost é.
23
Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.”
24
Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.”
25
Dʼfhreagair sé, “Más peacach é, sin rud nach bhfuil ar eolas agam; tá fhios agam an t‑aon rud amháin, go raibh mé i mo dhall, agus go bhfeicim anois.”
26
Dúirt siad leis, “Cad é sin a rinne sé leat? Conas a dʼoscail sé do shúile?”
27
Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?”
28
Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois.
29
Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois, ach i dtaca leis an duine seo, níl a fhios againn go fiú cad as dó.”
30
Dʼfhreagair an fear, “Nach mór an t‑iontas é sin! Gan a fhios agaibh cad as dó, agus é i ndiaidh mo shúile a oscailt.
31
Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia leis na peacaigh, ach go n‑éisteann sé leis an té a bhíos á adhradh agus ag déanamh toil Dé.
32
Níor chualathas ó chruthú an domhain gur oscail aon duine súile fir a bhí dall ó bhroinn.
33
Ni fhéadfadh an fear seo faic a dhéanamh, mura mbeadh sé ó Dhia.”
34
Dʼfhreagair siadsan é, “Is gin pheacúil tú go huile agus go hiomlán, an mian leat eolas a mhúineadh dúinn?” Agus chaith siad amach é.
35
Chuala Íosa faoina bheith caite amach acu, agus nuair a fuair sé é chuir sé forrán air, “An gcreideann tusa i Mac an duine?”
36
Is é a dʼfhreagair sé, “Agus cé hé féin, a Shaoi, ionas go gcreide mé ann?”
37
Arsa Íosa leis, “Chonaic do shúil é, agus is é atá ag caint leat.”
38
“Creidim, a Thiarna,” ar seisean, agus thug sé adhradh dó.
39
Arsa Íosa, “Is le haghaidh breithiúnais a tháinig mise isteach sa saol seo, ionas go bhfeice na daill, agus go dtaga daille ar an dream a fheiceas.”
40
Chuala cuid de na Fairiséigh, a bhí ina aice, sin, agus dúirt siad leis, “An bhfuilimidne inár ndaill freisin?”
41
Arsa Íosa leo, “Dá mbeadh sibh dall ní bheadh aon choir pheaca oraibh; ach ó deir sibh anois, ‘Tá ár n‑amharc againn’, fanann coir bhur bpeaca oraibh go buan.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21