bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
John 2
John 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
1
An tríú lá bhí bainis ann i gCána i nGalailí, agus bhí máthair Íosa ar an mbainis;
2
agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh freisin chun na bainise.
3
Nuair a bhí an fíon caite, dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu.”
4
Agus dúirt Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú dom? Níl an uain agam go fóill.”
5
Ba é a dúirt a mháthair leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a deir sé libh.”
6
Anois bhí sé shoitheach cloiche ina seasamh ansin, le haghaidh gnásanna glanta na nGiúdach, a dtoillfeadh fiche nó tríocha galún iontu.
7
“Líonaigí na soithigh dʼuisce,” arsa Íosa leo. Agus líon siad go béal iad.
8
Dúirt sé leo, “Tarraingígí astu anois, agus tugaigí libh chuig maor na coirme é.” Thug siad chuige é mar sin.
9
Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta
10
agus ar seisean leis, “Bíonn na daoine uile ag tabhairt amach an dea-fhíona i dtús coirme; agus an díogha ansin ar deireadh nuair a bhítear i ndiaidh braon maith a ól; ach tá an dea-fhíon coinnithe siar agat go dtí anois!”
11
Rinne Íosa sin i gCána i nGalailí, an chéad chomhartha dá chomharthaí, agus nocht sé a ghlóir; agus chreid a dheisceabail ann.
12
Ina dhiaidh sin chuaigh sé síos go Caparnáum, é féin agus a mháthair agus a dheartháireacha, agus a dheisceabail; agus dʼfhan siad tamall de laethanta ansin.
13
Ba ghairid uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.
14
Sa teampall dó, tháinig sé ar lucht díolta na ndamh agus na gcaorach agus na gcolm, agus lucht malartaithe an airgid agus iad i gceann a ngnó.
15
Agus dʼfhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn.
16
Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach mʼAthar-sa.”
17
Ba chuimneach lena dheisceabail gur scriobhadh, “Beidh mo dhíograis do do theachsa do mo chnaí.”
18
Dʼfhiafraigh na Giúdaigh de ansin, “Cad é an comhartha a thaispeánfas tú dúinn lena bhfuil déanta agat?”
19
Ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Leagaigí an teampall seo go lár, agus beidh sé atógtha agamsa i dtrí lá.”
20
Dúirt na Giúdaigh ansin, “Ghlac sé sé bliana agus daichead leis an teampall seo a thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”
21
Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint.
22
Nuair a tógadh é ar an aiséirí ó mhairbh, ba ansin ba chuimhneach lena dheisceabail go raibh sé sin ráite aige; agus chreid siad don scrioptúr agus don bhriathar a bhí ráite aige.
23
Anois nuair a bhí sé in Iarúsailéim ag féile na Cásca, chreid mórán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a mbíodh sé á ndéanamh;
24
ach níor thaobhaigh Íosa é féin leo,
25
as siocair gur thuig sé iad uile agus nach raibh feidhm aige ar dhuine a thabharfadh fianaise dó i dtaobh an duine; mar bhí a dhea-fhios aige féin faoi cad é ab fhiú an duine.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21