bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Mark 16
Mark 16
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Agus nuair a bhí an tsabóid thart, chuaigh Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais, agus Salómé, a cheannach spíosraí, go rachaidís á ungadh leo.
2
Agus ar mhoch maidine an chéad lá den tseachtain chuaigh siad go dtí an tuama le héirí na gréine.
3
Agus bhí siad á rá le chéile, “Cé a iontóidh an chloch ó bhéal dhoras an tuama dúinn?”
4
Agus nuair a dʼfhéach siad suas, chonaic siad go raibh an chloch iontaithe siar ar gcúl; mar ba mhór an chloch í.
5
Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaiceadar an fear óg ina shuí ar thaobh na láimhe deise agus fallaing ghealbhán air; agus bhí uafás orthu.
6
Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é.
7
Ach imígí libh, agus insígí dá dheisceabail agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é, mar atá inste aige daoibh.”
8
Agus dʼimigh siad leo agus theith siad ón tuama; óir rug ballchrith agus bith-ionadh orthu; agus níor scoilt siad a mbéal air le haon duine, le méid a n‑eagla.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16