bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Mark 8
Mark 8
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
1
Ba sna laethanta ud uair eile, nuair a bhí slua mór cruinnithe, agus nach raibh aon ní le n-ithe acu, a ghlaoigh sé a dheisceabail chuige agus a dúirt sé leo,
2
“Tá trua agam don slua, atá anois na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan aon ní le n‑ithe acu;
3
agus más rud é go gcuirim abhaile faoi ocras iad, tiocfaidh laige orthu ar an mbealach; agus tháinig cuid acu i bhfad.”
4
Agus dʼfhreagair a dheisceabail é, “Conas is féidir arán a sholáthar do na daoine seo anseo ar an bhfásach?”
5
Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid builín aráin atá agaibh?” “Seacht mbuilín,” ar siadsan.
6
Agus dʼordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh; agus ghlac sé na seacht mbuilín, agus thug sé altú buíochais agus roinn sé iad ar a dheisceabail le cur roimh na daoine; agus chuir siad roimh an slua iad.
7
Agus bhí beagán dʼéisc bheaga acu; agus bheannaigh sé iad agus dʼordaigh sé iad a chur rompu fós.
8
Agus dʼith siad, agus bhí a ndóthain acu; agus tógadh lán seacht gciseán de na grabhróga.
9
Agus bhí siad timpeall ceithre mhíle duine ann.
10
Agus chuir sé ar shiúl iad; agus gan mhoill chuaigh sé isteach sa bhád, é féin agus a dheisceabail, go ndeachaigh siad go ceantar Dhalmanúta.
11
Tháinig na Fairiséigh agus thosaigh siad ar argóint leis, ag iarraidh comhartha ó neamh air, lena fhéachaint.
12
Agus tharraing sé osna mór ina spiorad, agus dúirt sé, “Cad chuige a n‑iarrann an ghlúin seo comhartha? Deirim i bhfírinne libh nach dtabharfar comhartha don ghlúin seo.”
13
Agus dʼfhág sé iad, go ndeachaigh isteach sa bhád arís le himeacht go dtí an taobh thall.
14
Anois ba é a ndearmad arán a thabhairt leo; agus ní raibh acu sa bhád ach an t‑aon bhuilín amháin.
15
Agus thug sé rabhadh dóibh agus é á rá, “Tugaigí aire, agus seachnaigí laibhín na bhFairiséach agus laibhín Iorua.”
16
Agus thosaigh siad ar chíoradh an scéil sin le chéile, agus dúirt siad, “Níl arán againn.”
17
Thug Íosa faoi deara é, agus dúirt sé leo, “Cad chuige a luann sibh díth an aráin sin agaibh? Nach bhfuil tabhairt faoi deara ná tuiscint agaibh fós? An bhfuil bhur gcroíthe calctha? Nach bhfeiceann sibh leis na súile atá in bhur gcinn, agus nach gcluineann sibh leis na cluasa atá oraibh?
18
Agus nach bhfuil aon chuimhne cinn agaibh?
19
Nuair a roinn mé na cúig bhuilín aráin ar an gcúig mhíle duine, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “A dó dhéag,” ar siadsan leis.
20
“Agus an seacht mbuilin sin idir an ceithre mhíle, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “Seacht gciseán,” dúirt siad leis.
21
Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh fós?”
22
Agus tháinig siad go Bétsáida. Agus bhí daoine ansin a thug dall chuige agus dʼiarr air a lámh a chur air.
23
Agus rug sé ar láimh an daill gur tharraing é amach as an mbaile; agus chuir sé seile ar a shúile agus leag sé a lámha air, agus dʼfhiafraigh sé de, “An bhfeiceann tú aon ní?”
24
Agus dʼfhéach sé in airde agus dúirt sé, “Feicim fir; ach is ionann iad le hamharc orthu agus crainn na coille agus siúl fúthu.”
25
Chuir sé a lámha os cionn aʼ shúile arís ansin; agus dʼfhéach sé go grinn, agus tugadh a amharc dó arís, agus dʼfheiceadh sé gach aon ní go soiléir.
26
Agus chuir sé ar shiúl arís abhaile é, agus dúirt sé leis, “Ná déan oiread agus gabháil isteach sa sráidbhaile.”
27
Agus chuaigh Íosa ar aghaidh é féin agus a dheisceabail, go sráidbhailte Caesaria Filipi; agus sa siúl dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is mise?”
28
Agus dʼinis siad dó, “Eoin Baiste; agus deir dream eile gur tú Elia; agus dream eile fós a deir gur fáidh de na fáithe tú.”
29
Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus thug Síomón Peadar de fhreagra air, “Is tú an Críost.”
30
Agus bhagair sé orthu gan insint do dhuine ar bith faoi.
31
Agus thosaigh sé ar theagasc dóibh go gcaithfeadh Mac an duine mórán nithe a fhulaingt, agus na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe ag diúltú dó, agus go gcuirfí chun báis é, agus go n‑éireodh sé arís tar éis trí lá.
32
Agus dúirt sé sin go soiléir. Agus ghlac Peadar é, agus thosaigh ar locht a fháil air.
33
Ach thiontaigh sé thart agus chonaic sé a dheisceabail, agus dʼfhág sé an locht ar Pheadar, agus dúirt leis, “Cúl mo chinn leat, a Shátain! Óir ní thaobhaíonn tú le Dia, ach leis na daoine.”
34
Agus ghlaoigh sé an mórshlua agus a dheisceabail leo, agus dúirt sé leo, “Más mian le haon duine teacht i mo dhiaidh diúltaíodh sé é féin agus tógadh sé a chrois ar a ghualainn agus leanadh sé mé.
35
Óir cibé duine ar mhian leis a bheatha a tharrtháil, is é a chaillfeas í; agus cibé duine a chaillfeas a bheatha mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal, is é a tharrthálfas í.
36
Mar cad é an tairbhe é do dhuine seilbh a fháil ar an domhan ar fad, agus seilbh a bheatha féin a chailleadh?
37
Mar cad é is féidir do dhuine a thabhairt uaidh lena bheatha féin a cheannach?
38
Óir cibé duine den ghlúin adhaltranach choirpeach seo ar chúis náire dó mise agus na briathra seo agam, beidh náire ar Mhac an duine a admháil gur leis féin é nuair a thagas sé i nglóir a Athar i gcuideachta na naomhaingeal.”
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16