bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Mark 3
Mark 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
Uair eile chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha aige.
2
Agus bhíothas ag faire air le feiceáil an leigheasfadh sé é lá na sabóide, le cionta a chur ina leith.
3
Agus dúirt sé le fear na leathláimhe seargtha, “Tar i leith.”
4
Agus dúirt sé leo, “Cé acu is cirte de réir dhlí na sabóide an mhaith a dhéanamh nó an t‑olc a dhéanamh, beo an duine a tharrtháil, nó a scriosadh?” Ach dʼfhan siad ina dtost.
5
Agus dʼfhéach sé go feargach orthu, ó ghoill cruas a gcroíthe air, agus dúirt sé leis an bhfear, “Sín amach do lámh uait.” Shín sé an lámh agus leigheasadh í.
6
Ní luaithe sin déanta ná amach leis na Fairiséigh, le dul i gcomhairle le lucht Iorua lena mhilleadh.
7
Dʼfhág Íosa agus a dheisceabail an áit sin le dul chun na farraige, agus slua mór ina ndiaidh as Galailí; agus tháinig sluaite ina dhiaidh ó Iúdaea
8
agus ó Iarúsailéim agus ó Idúmaea agus ón taobh thall den Iornán agus ó cheantar Thiora agus Shiodóin nuair a chuala siad an méid a bhí á dhéanamh aige.
9
Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith réidh acu faoina choinne as siocair an tslua ar eagla go mbrúfaidís é;
10
óir is iomaí duine a bhí leigheasta aige, ionas go mbíodh an dream a mbíodh aicídí orthu ag brú isteach air le cuimilt leis.
11
Agus níl sprid neamhghlan a chonaic é nár thit os a choinne agus nár ghlaoigh os ard, “Is tú Mac Dé.”
12
Agus bhagair sé go dian orthu gan a n‑aithne air a ligean le haon duine.
13
Agus chuaigh sé suas i measc na gcnoc, agus ghlaoigh sé chuige na fir a bhí uaidh; agus tháinig siad chuige.
14
Agus cheap sé dáréag, le bheith ina chuideachta, agus lena gcur amach ag seanmóireacht
15
agus le húdarás a bheith acu leis na deamhain a chaitheamh amach:
16
Síomón ar thug sé Peadar mar fhorainm air;
17
Séamas mac Shebidé agus Eoin deartháir Shéamais, ar thug sé Bóanergés mar fhorainm orthu, sé sin clann na toirní;
18
Aindrias, agus Pilib, agus Parthalón, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus, agus Siomón as Cána,
19
agus Iúdás Iscariót, an té a bhraith é. Chuaigh sé abhaile ansin;
20
agus chruinnigh an mórshlua le chéile arís, ionas nárbh fhéidir leo fiú bia a chaitheamh.
21
Agus nuair a chuala a chairde sin, chuaigh siad amach le breith air, mar dúirt siad, “Is as a chiall atá sé.”
22
Agus dúirt na scríobhaithe a tháinig anuas ó Iarúsailéim, “Tá Beelsebúl ina chorpsan, agus bíonn taoiseach na ndeamhan ag cuidiú leis na deamhain a chur amach as na daoine.”
23
Agus ghlaoigh sé orthu chuige, agus dúirt sé leo i bhfáithscéalta, “Conas a chuirfeadh Sátan Sátan amach?
24
Má roinntear ríocht ina héadan féin, ní fhéadfaidh an ríocht sin seasamh.
25
Agus má scoiltear teach ina éadan féin, ní fhéadfaidh an teach sin seasamh.
26
Agus más rud é go bhfuil Sátan i ndiaidh éirí amach ina aghaidh féin, agus é easaontach leis féin, ní féidir leis seasamh, ach tá a ré caite.
27
Ach ní féidir do dhuine dul isteach i dteach an fhir thréin agus a mhaoin a thabhairt leis, mura mbíonn an fear tréan ceangailte aige an chéad uair; má tá, féadann sé creach a dhéanamh dá theach.
28
“Deirim libh i bhfírinne go maithfear don Ádhamhchlann a ndéanann siad de pheacaí, agus a ndeir siad de dhiamhasla;
29
ach an té a thugas masla don Spiorad Naomh níl maithiúnas le fáil aige, ach tá peaca síoraí air”
30
—óir bhí siad i ndiaidh a rá, “Tá sprid neamhghlan ann.”
31
Agus tháinig a mháthair agus a dheartháireacha; agus dʼfhan siad ina seasamh amuigh, agus chuir siad fios air.
32
Agus bhí slua ina suí ina thimpeall; agus dúradh leis, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha amuigh agus iad do dʼiarraidh.”
33
Agus dʼfhreagair sé, “Cé hiad mo mháthair agus mo dheartháireacha?”
34
Agus dʼfhéach sé thart ar an dream a bhí ina suí ina thimpeall, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha.
35
Cibé duine a dhéanas toil Dé is é an duine sin mo dheartháir, agus mo dheirfiúr agus mo mháthair.”
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16