bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Philippians 1
Philippians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Pól agus Timótéus agus Silbhánus, a bhíos ina seirbhísigh ag Íosa Críost, Ag beannú do na daoine i bhFilipí atá ina naoimh in Íosa Críost, agus do na heaspaig agus do na déagánaigh:
2
Go raibh an grásta agus an tsíocháin oraibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiama Íosa Críost.
3
Níl aon am dá gcuimhním oraibh nach dtugaim altú do mo Dhia,
4
agus bíonn áthas orm i gcónaí ag rá paidre ar son gach duine agaibh,
5
agus mé go buíoch beannachtach go bhfuil sibh i gcomhar liom sa soiscéal anuas ón gcéad lá go dtí an uair atá anois ann.
6
Agus táim cinnte den té sin a chuir tús ar a dhea-shaothar ionaibh, go gcuirfidh sé dea-chríoch air i lá mór Íosa Críost.
7
Is é mo cheart é dáimh a bheith agam libh, mar tá sibh ar mo chroí, as bheith rannpháirteach liom sa ghrásta, i mo phríosúnacht, agus i gcosaint agus i gcothú an tsoiscéil freisin.
8
Mar fágaim é dʼfhianaise ar Dhia, an chumha a bhíos orm in bhur ndiaidh i snaidhm shearc Íosa.
9
Agus bím ag guí Dé go dtaga fás agus faibhriú ar bhur ngrá, agus eolas agus gach uile short tuisceana a bheith agaibh,
10
ionas go mbeidh meas agaibh ar gach ní dá fheabhas, agus go mbeidh sibh féin gealghlan gan locht i gcoinne lá Íosa Críost,
11
líonta de na torthaí sin na fíréantachta a fhaightear trí Íosa Críost, a thabhaíos glóir agus moladh do Dhia.
12
Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, nár tharla ar tharla dom ach leis an soiscéal a chur chun cinn,
13
ós dá bharr atá sé tuigthe ag slua uile an gharda phraetóirigh agus ag an gcuid eile gurb é Críost is cúis le mo phríosúnacht;
14
agus dʼéirigh an chuid is mó de na bráithre dána, ó chuir mo phríosúnacht orthu muinín a bheith acu as an Tiarna, agus bíonn tuilleadh misnigh acu le briathar Dé a labhairt gan scáth gan eagla.
15
Tá siad ann ar ndóigh a bhíos ag seanmóireacht Chríost, mar dhóigh de, agus éad orthu faoin mbáire a bheith leo, ach go mbíonn tuilleadh á dhéanamh faoi chroí maith mór.
16
Bíonn siad seo á dhéanamh le grá dom, agus a fhios acu go bhfuil mé anseo le cath an tsoiscéil a chosaint;
17
bíonn an dream úd eile agus Críost á fhógairt os ard acu agus iad ag tarraingt uisce ar a muileann féin, ó nach ndéanann siad go hionraic é, ach le leithscéal a fháil le mé a chiapadh i mo phríosúnacht.
18
Ach nár chuma, chomh fada agus go mbítear ag fógairt Chríost le fírinne nó le bréag; is amhlaidh a chuireann sin lúcháir orm.
19
Tá agus beidh lúcháir orm. Mar aithním an deireadh a thiocfas air, go dtiocfaidh mé slán as, agus a bhuíochas sin ar bhur n-urnaithe agus ar an gcabhair a fuair mé ó Spiorad Íosa Chríost,
20
is é dúil agus dóchas mʼanama nach gcuirfear aon náire orm, ach go nglacfaidh mé ina mhórmhisneach é anois mar a ghlac riamh, agus go mbeidh Críost á mhóradh sa chorp seo agam, i mbeatha nó i mbás.
21
Mar níl beo orm ach Críost, agus beidh brabach orm sa bhás.
22
Más í an bheatha atá i ndán don chorp, beidh toradh ar mo shaothar. Ach is é rogha an dá fheabhas agam iad.
23
Ach bím ag déanamh dhá leath díom féin idir an dá ní seo. Is é mian mo thola imeacht ar shlí na fírinne le cuideachta a choinneáil le Críost, ó nach bhfuil ní is fearr ná sin le fáil.
24
Ach tá sé níos riachtanaí agaibhse go bhfanfadh mo chorp beo ar an saol seo.
25
Ó táim cinnte de go mbeidh sin amhlaidh, aithním go mairfidh mé liom agus go bhfan-faidh mé beo agaibh, ionas go dtiocfaidh sibh ar aghaidh ag baint áthais as an gcreideamh,
26
ar chaoi go mbeidh an t-ábhar agaibh a bheith ag maíomh as Íosa an Críost as mé a theacht chugaibh athuair.
27
Bíodh libh, ar choinníoll go mbeidh bhur mbéasa ag cur go fiúntach le soiscéal Chríost, agus cibé acu go dtagaim ar cuairt chugaibh nó go bhfanaim uaibh, go mbíonn tuar-ascáil le cluinstin agam oraibh go mbíonn sibh ag seasamh fhód an lae agus aon sprid amháin ionaibh, agus aon intinn amháin agaibh, ag cur le chéile taobh le taobh ar son chreideamh an tsoiscéil,
28
gan ligean don taobh eile aon chliseadh a bhaint asaibh. Is tuar soiléir a scriosta dóibh é sin, ach tuar bhur slánaithe, agus é sin ó Dhia.
29
Mar deonaíodh daoibhse as ucht Chríost, ní hamháin creideamh a bheith agaibh ann, ach cruatan a fhulaingt ar a shon,
30
agus sibh páirteach sa choimhlint chatha sin a bhfuil mé inti, mar atá feicthe agaibh, agus mar atá anois agaibh lena chluinstin uaim.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4