bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Philippians 3
Philippians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Mar íhocal scoir, a bhráithre, go mba é an Tiarna ábhar bhur lúcháire. Ní bhíonn aon tuirse orm ag scríobh na nithe céanna atá le bhur leas.
2
Bígí ar bhur bhfaichill ar chúnna nimhe, aire daoibh ar lucht déanta an oilc, aire daoibh ar lucht coillte na colainne.
3
Mar is sinne lucht an timpeallghearrtha fhír, a bhíos ag adhradh Dé ó sprid, agus a bhíos ag déanamh mórtais as Íosa Críost, agus nach mbíonn muiníneach as an gcolainn.
4
Siúd is go bhfuil an chúis is fearr agam le bheith muiníneach as an gcolainn thar dhuine ar bith eile.
5
Mise a ghlac timpeallghearradh an t-ochtú lá, duine de chine Iosrael, de threibh Bheniamín, a tháinig dʼEabhrach agus dʼEabhraigh; a bhí i mʼFhairiséach i dtaobh le dlí,
6
a raibh de dhúthracht ionam géarleanúint a chur ar an eaglais, a bhí saor ó locht chomh fada is a bhaineas le fíréantacht faoin dlí.
7
Ach cibé a bhuaigh mé leis sin, mheas mé gur chaillteanas é ar son Chríost.
8
Ar ndóigh níl ní nach beag orm é i gcomórtas leis an ardmheas atá agam ar an aithne atá agam ar Íosa Críost ina Thiarna. Is mar mhaithe leis-sean a chaill mé mo chuid den saol, agus ar lú liom ná tráithnín é, ach mé Críost a cheannach,
9
agus bheith i mo bhall de gan fhíréantacht de mo chuid féin agam a bhunaítear ar dhlí, ach an fhíréantacht a thagas trí chreideamh i gCríost, an fhíréantacht ó Dhia atá ag brath ar an gcreideamh;
10
ionas go mbeidh aithne agam air féin agus ar chumhacht a aiséirí, agus go mbeidh mé rannpháirteach ina dhóláis, ag dul i gcosúlacht a bháis,
11
mar dhúil is go sroichfidh mé an t-aiséirí ó mhairbh.
12
Ní ionann sin is a rá go bhfuil sin agam ná go bhfuil mé críochnaithe; ach ag dul ar aghaidh le mo chuid féin a dhéanamh de go díreach mar a rinne Íosa Críost a chuid féin díom.
13
A bhráithre, níl mé ag maíomh go fóill gur de mo chuid féin é; níl le déanamh agam ach seo, dearmad a dhéanamh dá bhfuil curtha tharam agam agus mé ag teannadh aniar chuig a bhfuil romham,
14
agus mé ag treabhadh ar aghaidh chuig ceann mo chúrsa agus Dia ag tairiscint duaise dom as teacht aníos chuige in Íosa Críost.
15
An méid againn atá críochnaithe, bíodh an intinn sin againn; agus má bhíonn intinn eile agaibh i bpointe ar bith, déanfaidh Dia é féin sin a nochtadh daoibh.
16
Ach ní fhágann sin nach gcaithfimid greim a choinneáil ar a bhfuil againn.
17
A bhráithre, déanaigí aithris orm le chéile, agus bíodh aird agaibh ar dhaoine a eagraíos a mbeatha de réir an tsampla a fhaigheas sibh ionainn.
18
Is iomaí sin duine, ar inis mé daoibh fúthu roimhe, agus a bhfuil mé ag insint daoibh anois agus deora liom, nach bhfuil ina slí mhaireach-tála ach mar namhaid do chrois Chríost.
19
A scrios an deireadh a bheas orthu, gan de Dhia acu ach a maróg féin, ná glóir acu ach ina náire féin, na daoine seo a bhfuil a n-intinn ar an saol seo.
20
Ach is ar neamh atá sí le fáil, an chathair chinn ar di sinn, agus is as neamh a bhíos súil againn le Slánaitheoir, leis an Tiarna Íosa Críost,
21
a athrós an corp seo ár n-uirísleachta i gcomchosúlacht lena chorpsan, corp a ghlóire, leis an gcumhacht sin a bhíonn aige le gach uile ní a chur faoina smacht.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4