bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Philippians 2
Philippians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
1
Má fhaigheann sibh mar sin aon ábhar misnigh i gCríost, nó má bhíonn an grá do bhur ngríosú, nó an Spiorad á roinnt libh, nó má tá cion agaibh orm, nó bá agaibh liom,
2
cuirfidh sibh lánlúcháir orm, ach sibh a bheith ar aon intinn, aon ghrá agus aon anam amháin, agus aon bharúil amháin a bheith agaibh,
3
gan bheith leithleasach ná leitheadach, ag géilleadh go huiríseal do dhaoine eile,
4
gan aon duine agaibh a leas féin amháin a iarraidh, ach leas a chomharsan freisin.
5
Bíodh an intinn sin agaibh lena chéile a bhí ag Íosa Críost,
6
a bhí riamh i gcló Dé, ach nárbh éadáil leis bheith ar aon chéim le Dia,
7
ach gur fholmhaigh sé é féin, le dul i gcló seirbísigh, agus teacht ar an saol i gcosúlacht duine.
8
Bhí sé le fáil mar sin i gcló daonna agus dʼuirísligh sé é féin agus bhí sé umhal go bás, go fiú bás ar chrois.
9
Dʼardaigh Dia go mór é dá bharr sin, gur bhronn air an t-ainm is airde dʼainmneacha,
10
ionas gur le hainm Íosa a dʼfheacfadh gach glúin, ar neamh agus ar talamh agus faoi thalamh,
11
agus go n-admhódh gach teanga gurb é Íosa Críost is Tiarna ann, le glóir Dé an tAthair a mhéadú.
12
Mar sin, a dhaoine a bhfuil mo ghrá ionaibh, déanaigí rud orm anois mar a rinne sibh riamh é, agus dá fheabhas dá ndearna sibh é agus mé i láthair is amhlaidh is fearr anois a dhéanfaidh sibh é agus mé as láthair, ag saothrú amach bhur slánaithe féin go cúthail critheaglach;
13
ós é Dia é féin a bhíos á oibriú ionaibh toiliú agus gníomhú mar is fearr a thaitníos leis féin.
14
Déanaigí gach ní gan bheith ag casaoid ná ag ceistiú,
15
ionas go mbeidh sibh soineanta gan smál, in bhur gclann Dé gan teimheal i mease na glúine caime claoine seo, a mbíonn sibh ina mease mar réaltaí geala eolais don saol,
16
agus greim daingean docht á choinneáil agaibh ar bhriathra na beatha, ar nós go mbeidh bród orm i lá Chríost nach ndeachaigh mo shaol ná mo shaothar in aisce orm.
17
Má tá sé i ndán dom féin bheith do mo dhoirteadh amach mar dheoch ofrála i mullach íobartha agus adhartha bhur gcreidimh, beidh áthas agus lúcháir orm libh uile.
18
Mar chomaoin air, ba é bhur gceart áthas agus lúcháir bheith oraibh liom.
19
Tá an dóchas seo as an Tiarna Íosa agam Timótéus a chur chugaibh roimh i bhfad, ionas go mbeidh áthas orm le tuairisc a fháil oraibh uaidhsean.
20
Níl agam ach é, a bhfuil an dúthracht chéanna ann is atá ionamsa le bhur leas a dhéanamh.
21
Tá siad uile mar mhaithe leo féin, ní mar mhaithe le hÍosa Críost.
22
Ach tá a fhios agaibh an fiúntas atá ann, i dTimótéus, ag comhoibriú liom sa soiscéal mar mhac lena athair.
23
Tá fúm é a chur uaim chomh luath agus a fheiefeas mé cad é mar a rachas le mo chúis-se;
24
agus dúil as an Tiarna agam nach fada go dtiocfaidh mé féin freisin.
25
Chonacthas dom é bheith riachtanach Epafrodítus a chur chugaibh atá ina bhráthair agus ina chomhoibrí agus ina chomhshaighdiúir agamsa, agus a bheas mar theach-taire agus mar thimire uaibh i mo riachtanais agam,
26
ó bhí cumha air in bhur ndiaidh, agus ó bhí aiféala air faoi sibh scéal a fháil faoina bhreoiteacht.
27
Féadann sibh breoiteacht a thabhairt uirthi—ba é a bhí i mbéalabáis. Ach bhí trócaire ag Dia ní hamháin air, ach ormsa, ar eagla brón ar mhuin bróin a bheith orm.
28
Is móide tá fonn orm a chur uaim mar sin, ionas go mbeidh áthas oraibh lena fheiceáil arís, agus go mba lúide mʼimní.
29
Cuirigí fáilte mhóráthasach roimhe mar sin in ainm an Tiarna; agus tugaigí onóir dʼfhir mar é,
30
mar dóbair dó bás a fháil de gheall ar obair Chríost, agus chuir sé a bheo féin i mbaol le freastal críochnaithe a dhéanamh orm in bhur n-ionad.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4