bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Philippians 4
Philippians 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
1
Go mba mar sin a sheasfaidh sibh amach sa Tiarna, a lucht mʼansachta, a bhráithre agam, a bhfuil mo dhúil ionaibh agus cumha orm in bhur ndiaidh, a ábhar mo lúcháire, a choróin mo chinn.
2
Mar achainí ortsa, a Euodia agus mar achainí ortsa, a Shinticé, bheith ar aon intinn le chéile sa Tiarna.
3
Agus impí uaim ortsa, a chomhoibritheoir dhílis na haon chuinge liom, cuidiú leis na mná seo, ós iad a bhíodh ag saothrú amach an tsoiscéil taobh le taobh le chéile agus liomsa agus le Clement agus le mo chomhoibritheoirí eile, a bhfuil a n-ainmneacha ar leabhar na beatha.
4
Bainigí bhur lúcháir as an Tiarna; agus déarfaidh mé arís é, bíodh lúcháir oraibh.
5
Bíodh sé le haithint ag cách oraibh an fhoighne mhaith atá agaibh. Ní fada uainn atá an Tiarna.
6
Ná bíodh aon ní ina ábhar imní agaibh, ach gan ní agaibh nach mbíonn sibh ag guí agus ag glaoch agus ag tabhairt buíochais do Dhia faoi le bhur n-iarratais a chur in iúl dó.
7
Is amhlaidh a bheidh an tsíocháin sin Dé nach bhfuil tuiscint uirthi ag seasamh garda ar bhur gcroíthe agus ar bhur smaointe in Íosa Críost.
8
Ar deireadh, a bhráithre, ná bíodh ní dá fhírinní nó dá onóraí, nó dá chirte, nó dá ghlaine, nó dá áille, nó dá ghnaíúla, nó dá chlúití, nó dá inmholta, nach mbíonn mar ábhar machnaimh agaibh.
9
An méid a dʼfhoghlaim sibh agus a tháinig aniar uaim chugaibh agus a chuala sibh agus a chonaic sibh ionam, déanaigí amhlaidh; agus beidh Dia na síochána libh.
10
Is ábhar lúcháire ón Tiama chugam go bhfuil sibh ag cur suime ionam arís ar deireadh thall; ní lena rá nach raibh suim agaibh ionam, ach is é rud, ní raibh faill agaibh.
11
Ní hé sin le rá go bhfuil ábhar gearáin agam; mar tá sé foghlamtha agam bheith sásta le bheith mar atá mé agus mar a bhfuil mé.
12
Tá a fhios agam cad é rud é an t-anás, agus tá fhios agam cad é rud é bheith i mo shá den saol; más daor a cheannaigh mé é, tá tuiscint agam, cibé am nó áit a bhfuilim, bheith sách nó seang, agus teacht le béile mór nó bheith gan béile ar bith.
13
Níl ní nach bhfuil acmhainn agam air nuair a neartaíos Críost liom.
14
Ach ní fhágann sin nár chineálta an mhaise daoibh é bheith i bpáirt liom i mo chruatan.
15
Agus tá a fhios agaibhse, atá i bhFilipí, nach mbíodh aon eaglais ag roinnt liom, ag tabhairt dom agus ag glacadh uaim i dtús an tsoiscéil, in am mʼimeachta as an Macadóin, ach sibh féin amháin;
16
mar fiú nuair a bhí mé i dTesaloníca thug sibh lámh chuidithe dom uair nó dó.
17
Ní hé go bhfuil an tabh-artas uaim; is é atá uaim toradh oraibh a mhéadaíos bhur gclú.
18
Tá agam a bhfuil uaim, agus tuilleadh; tá mé súgach sásta anois gur thug Epafrodítus dom na tabhartais sin a chuir sibh chugam, agus is cumhra an ofráil iad, agus is íobairt thaitneamhach iad a nglacann Dia leo.
19
Agus beidh mo Dhia féin ag riaradh gach riachtanais dá mbeidh oraibh de réir a shaibhris i nglóir in Íosa Críost.
20
Glóir go deo dár nDia agus dár nAthair go saol na saol. Áiméan.
21
Beannaígí do gach naomh in ainm Íosa an Críost. Beannaíonn na bráithre atá i mo chuideachta daoibh.
22
Beannaíonn na naoimh uile daoibh go háirithe lucht theaghlach Chaesair.
23
Go raibh grásta an Tiarna Íosa Críost le bhur sprid.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
All chapters:
1
2
3
4