bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Matthew 1
Matthew 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 2 →
1
Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.
2
Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;
3
ghin Iúdá Peiris agus Zára ó Thámár; ghin Peiris Heasrón; ghin Hasrón Aram;
4
ghin Aram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmónae;
5
ghin Salmónae Bóaz ó Rácháb; ghin Bóaz Óbaed ó Rút; ghin Óbaed Ieise;
6
ghin Ieise Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úiríá;
7
ghin Solamh Reachabám; ghin Reachabám Aibia; ghin Aibia Ásá;
8
ghin Ásá Ióiseáfát; ghin Ióiseáfát Ióirím; ghin Ióirím Uizíá;
9
ghin Uizíá Iótám; ghin Iótám Ácház; ghin Ácház Hiziciá;
10
ghin Hiziciá Manaise; ghin Manaise Ámós; ghin Amós Ióisíá;
11
ghin Ióisíá Iacóinia agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
12
Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iacóinia Séailtiéil; ghin Séailtiéil Zarabáibil;
13
ghin Zarabáibil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór;
14
ghin Azór Zádóc; ghin Zádóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd;
15
ghin Eiliúd Eileázár; ghin Eileázár Matan; ghin Matan Iacób;
16
ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.
17
A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre ghlúin déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre ghlúin déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre ghlúin déag.
18
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le hIósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.
19
Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.
20
Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.
21
Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”
22
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
23
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air,” – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
24
Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28