bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Matthew 15
Matthew 15
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 16 →
1
Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt:
2
“Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.”
3
“Agus cén fáth,” ar seisean leo dá bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh?
4
Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’;
5
ach is é a deir sibh-se: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuid-se a dʼfhéadfadh dul chun sochair duit-se, táim dá choisreacan don Tiarna”;
6
níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair’; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin.
7
A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:
8
‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí:
9
Is díomhaoin dóibh a bheith do mʼadhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’”
10
Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo!
11
Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamh-ghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamh-ghlan an duine.”
12
Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”
13
Dʼfhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é mʼAthair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamhacha é.
14
Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”
15
Labhair Peadar leis: “Inis dúinn ciall an pharabail úd.”
16
Dúirt Íosa: “sibh-se freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?
17
An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é?
18
Ní hionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siad-san neamh-ghlan an duine.
19
Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.
20
Sin iad na nithe a dhéanann neamh-ghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamh-ghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”
21
Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shiodón.
22
Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhac Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í dá crá go géar ag deamhan.”
23
Ach ní dúirt Íosa focal ar bith dá freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.”
24
Dʼfhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”
25
Ach tháinig an bhean agus dʼfhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.”
26
Dʼfhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”
27
Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.”
28
Ansin dúirt Íosa léi dá freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.
29
Dʼfhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin.
30
Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad.
31
Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.
32
Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.”
33
Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn sa bhfhásach?”
34
Dúirt Íosa leo: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siad-san, “agus tá beagán mioniasc.”
35
Dʼordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh,
36
agus thóg sé na seacht mbuilín agus na héisc, dʼaltaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
37
Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhín.
38
Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
39
Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bhord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28