bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Matthew 26
Matthew 26
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 27 →
1
Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail:
2
“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”
3
San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,
4
agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.
5
Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”
6
Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin lobhar,
7
tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair dʼola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.
8
Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;
9
“bʼfhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.”
10
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm;
11
mar bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh,
12
agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh mʼadhlactha a rinne sí é.
13
Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo dá fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”
14
Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart
15
agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa dʼairgead geal.
16
Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh.
17
Ar an gcéad lá dʼfhéile an tSlimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?”
18
“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá mʼuain in achomaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’”
19
Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus dʼullmhaigh siad an Cháisc.
20
Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal.
21
Agus le linn dóibh a bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”
22
Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?”
23
Dʼfhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath.
24
Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. Bʼfhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
25
Dʼfhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”
26
Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus dá thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”
27
Agus thóg sé cupán, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo,
28
óir is í seo mʼfhuil-se, fuil an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán daoine chun peacaí a mhaitheamh.
29
Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n-ólfaidh mé ina fhíon nua libh-se é i Ríocht mʼAthar.”
30
Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.
31
Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall orm-sa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’
32
Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”
33
Dúirt Peadar leis dá fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.”
34
Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
35
Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
36
Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.”
37
Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus tháinig buairt agus anbhuain air.
38
Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar mʼanam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.”
39
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupán seo tharam, ach ní mar is toil liom-sa ach mar is toil leat-sa.”
40
Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom?
41
Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachaidh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”
42
Dʼimigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupán seo a ghabháil tharam gan mé dá ól, do thoil go raibh déanta!”
43
Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom.
44
Dʼfhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.
45
Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! Tá an t-am in achomaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
46
Éirígí! Bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.”
47
Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.
48
Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”
49
Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Is é do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.
50
Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.
51
Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.
52
Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.
53
Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar mʼAthair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal?
54
Conas a chomh-líonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir dó a bheith?”
55
An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”
56
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.
57
An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas ard-sagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile.
58
Bhí Peadar dá leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach dʼfhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.
59
Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bhréige in aghaidh Íosa dʼfhonn é bhású,
60
ach ní bhfuair siad í in ainneoin gur tháinig an-chuid dʼfhinnéithe bréige i láthair. Sa deireadh, tháinig beirt i láthair
61
agus ba é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’”
62
Dʼéirigh an t-ard-sagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo dá dhearbhú ort?”
63
Dʼfhan Íosa ina thost. Dúirt an t-ard-sagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”
64
Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”
65
Leis sin, stróic an t-ard-sagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.
66
Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.”
67
Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbosa é
68
ag rá: “Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?”
69
Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Gailíleach.”
70
Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean.
71
Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa Nazórach.”
72
Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.”
73
Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin thusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.”
74
Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.
75
Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuaigh amach agus ghoil sé go goirt.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28