bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Matthew 14
Matthew 14
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 15 →
1
San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa,
2
agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.”
3
Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é a chur i ngéibheann agus i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.
4
Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í a bheith agat.”
5
Ba mhaith le Héaród é a chur chun báis ach bhí eagla air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.
6
Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe dá comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród
7
gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a dʼiarrfadh sí a thabhairt di.
8
Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”
9
Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, dʼordaigh sé an aisce a thabhairt di,
10
agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.
11
Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.
12
Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin dá insint dʼÍosa.
13
Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha dá leanúint dá gcois.
14
Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.
15
Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”
16
Ach dúirt Íosa leo: “Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.”
17
“Ach,” ar siad-san leis, “níl anseo againne ach cúig bhuilín agus dhá iasc.”
18
“Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean.
19
Dʼordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
20
Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag.
21
Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
22
Ansin chuir sé dʼfhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.
23
Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar.
24
Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, dá bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha.
25
Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige.
26
Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla.
27
Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”
28
Dʼfhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.”
29
Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa.
30
Ach nuair a dʼairigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean.
31
Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”
32
Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth.
33
Agus iad seo a bhí sa bhád, dʼumhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
34
Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit.
35
Nuair a dʼaithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,
36
agus bhí siad dá iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus a oiread díobh agus a chuir, leigheasadh iad.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28