bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ecclesiastes 4
Ecclesiastes 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
1
Ina theannta sin chonaic mé an t-ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.
2
Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill.
3
Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.
4
Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
5
Snaidhmeann an t-amadán a lámha ina chéile agus ní bhíonn an rath air.
6
Ach is fearr lán glaice le suaimhneas ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe.
7
Agus chonaic mé an bhaois eile seo abhus faoi luí na greine:
8
fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. «Cé ar a shon,» ar seisean, «a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?» Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.
9
Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar.
10
Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil.
11
Rud eile de, má chodlaíonn beirt le chéile, bíonn siad te teolaí. Ach conas is féidir don duine aonair é féin a choimeád te?
12
Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.
13
Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó,
14
fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd.
15
Chonaic mé na beo go léir a shiúlann faoi luí na gréine ag taobhú leis an ógánach sin a bhí ina chomharba ar an seanrí.
16
Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12