bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ecclesiastes 5
Ecclesiastes 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 6 →
1
Bí ar d' aire nuair a théann tú go dtí teach Dé; is fearr dul ann chun éisteacht go humhal ná íobairt a dhéanamh ar nós na n-amadán nach dtuigeann go bhfuil siad ag déanamh an oilc. 4:17
2
5:1 Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.
3
2 Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.
4
3 Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat.
5
4 Is fearr duit gan móid a thabhairt ná í a thabhairt ach gan í a chomhlíonadh.
6
5 Ná lig do do bhéal a thabhairt ort peaca a dhéanamh agus ná habair i láthair teachtaire Dé: «Dearmad ba ea é.» Cad chuige a gcuirfeá fearg ar Dhia le do chuid cainte agus go millfeadh sé obair do lámh?
7
6 Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia.
8
Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t-ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu. 7
9
8 Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.
10
An té a ghráíonn an t-airgead ní bhíonn a shá de aige choíche agus an té a ghráíonn an saibhreas ní bhfaighidh sé aon sochar as baois is ea é seo chomh maith. 9
11
10 Nuair a mhéadaíonn an saibhreas tagann méadú ar líon na gcaiteoirí freisin. Mar sin de cén tairbhe é don té ar leis é ach lán a shúl a bhaint as?
12
11 Is go suaimhneach sámh a chodlaíonn an fear oibre cibé acu a bhíonn beagán nó mórán ite aige ach cuireann ollmhaoin an duine shaibhir codladh na hoíche amú air.
13
12 Tá olc scannalach ann a chonaic mé féin abhus faoi luí na gréine: saibhreas á thaisceadh ag an duine ar leis é chun a dhíobhála féin;
14
13 agus an saibhreas sin á chailleadh trí fhiontar míámharach éigin agus gan dada le fáil ag an mac a ghin sé.
15
14 Mar a tháinig sé amach as broinn a mháthar, is amhlaidh sin a imeoidh sé arís; chomh tarnocht agus a tháinig sé agus gan dada aige de bharr a shaothair a fhéadfaidh sé a thabhairt leis.
16
15 Is scannalach an t-olc seo chomh maith: go n-imeoidh sé go díreach mar a tháinig sé; agus cén tairbhe a fhaigheann sé nuair is in aisce a bhíonn a chuid saothair go léir.
17
16 Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge.
18
17 Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.
19
18 Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.
20
19 Ní bheidh sé ag machnamh go brúite ar ghiorra a shaoil mar coinneoidh Dia gafa é ag aoibhneas a chroí.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12