bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ecclesiastes 7
Ecclesiastes 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 8 →
1
Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe.
2
Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin.
3
Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama.
4
Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt.
5
Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin.
6
Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith.
7
Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí.
8
Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t-uabhar.
9
Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.
10
Ná habair: «Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?» Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur.
11
Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.
12
Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.
13
Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú?
14
Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.
15
Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d' ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d' ainneoin a chuid mailíse.
16
Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?
17
Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí?
18
Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.
19
De bharr a chuid eagna is láidre an t-eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.
20
Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.
21
Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh.
22
Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic.
23
Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: «Is rún dom an eagna a fháil» ach bhí sé thar m' acmhainn.
24
Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint?
25
Leag mé m' intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d' aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.
26
Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.
27
Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach
28
eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban.
29
Féach, is é seo an t-aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12