bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ecclesiastes 6
Ecclesiastes 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 7 →
1
Tá olc eile ann a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus luíonn sé go trom ar dhaoine:
2
duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar.
3
Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.
4
Óir, d' ainneoin gur in aisce a thagann an marbhleanbh isteach sa saol agus go n-imíonn sé leis sa dorchadas nó go mbíonn a ainm folaithe ann,
5
agus bíodh nach bhfeiceann sé an ghrian agus nach mbíonn eolas aige ar aon rud, is fearr an bhail a bhíonn air ná ar an duine úd.
6
Dá mairfeadh duine míle bliain faoi dhó ach gan aon rath a theacht air nach dtéann an bheirt acu go dtí an áit chéanna?
7
Saothraíonn an duine ar mhaithe lena bholg ach ní shásaítear a ghoile riamh.
8
Cén buntáiste atá ag an eagnaí ar an amadán nó ag an duine bocht féin a thuigeann conas é féin a iompar i láthair daoine.
9
Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
10
Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.
11
Dá líonmhaire iad na briathra a labhraítear is ea is mó í an bhaois. Cén tairbhe a bhaineann an duine as?
12
Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12