bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Matthew 1
Matthew 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 2 →
1
Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.
2
Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;
3
ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram;
4
ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón;
5
ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;
6
ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;
7
ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf;
8
ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias;
9
ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias;
10
ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias;
11
ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
12
Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;
13
ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór;
14
ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd;
15
ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób;
16
ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.
17
A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.
18
a Rugadh ó Mhuire Ógh
19
Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.
20
Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: «A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.
21
Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.»
22
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
23
«Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,» ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
24
24a Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, agus rinne mar d' ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis.
25
24b Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28