bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Matthew 16
Matthew 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 17 →
1
Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d' iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
2
Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: 'Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg';
3
agus ar maidin: 'Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.' Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú?
4
Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna» a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.
5
Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo.
6
Dúirt Íosa leo: «Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.»
7
Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: «Mar nár thugamar an t-arán linn.»
8
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh?
9
Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas?
10
Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas?
11
Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.»
12
Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
13
Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d' fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: «Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?»
14
Dúirt siad: «Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.»
15
Dúirt sé leo: «Ach cé a deir sibhse mé?»
16
Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: «Is tú an Críost, Mac Dé bheo.»
17
D' fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: «Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d' fhoilsigh duit é ach m' Athair atá ar neamh.
18
Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m' eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
19
Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.»
20
Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
21
An Chros agus an Choróin
22
Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: «Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,» ar seisean, «agus i bhfad uait sin!»
23
Ach d' iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.»
24
Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
25
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.
26
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d' fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
27
Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.
28
Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.»
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28