bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Matthew 4
Matthew 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 5 →
1
Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal.
2
Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air.
3
Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: «Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.»
4
Dúirt sé á fhreagairt: «Tá sé scríofa: 'Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.'»
5
Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é
6
agus dúirt leis: «Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ' Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.'»
7
Dúirt Íosa leis: «Tá sé scríofa freisin: 'Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.'»
8
Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis:
9
«Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m' adhradh.»
10
Dúirt Íosa leis ansin: «Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: 'Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.'»
11
Ansin d' fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
12
Na Chéad Deisceabail
13
D' fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím
14
chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
15
«Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha,
16
an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d' éirigh solas chucu.»
17
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: «Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.»
18
Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.
19
Labhair sé leo: «Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.»
20
D' fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.
21
Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.
22
D' fhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.
23
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
24
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
25
Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28