bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Matthew 2
Matthew 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 3 →
1
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
2
ag fiafraí: «Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.»
3
Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.
4
Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d' fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.
5
D' inis siad dó: «I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:
6
' Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.'»
7
Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta.
8
Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: «Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.»
9
Nuair a chuala siad caint an rí, d' imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.
10
Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu.
11
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d' umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d' oscail siad a gcistí agus d' ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
12
Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.
13
Marú na Neamhchiontach
14
Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt,
15
agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: «As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.»
16
Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.
17
An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh:
18
«Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó.»
19
Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt
20
agus dúirt: «Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.»
21
Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael.
22
Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle
23
agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: «Tabharfar Nazórach air.»
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28