bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Micah 2
Micah 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 3 →
1
Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.
2
Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.
3
Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo: Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh; ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta a dhonacht is a bheidh an uain.
4
An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: «Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.»
5
Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh chun dorú a leagan daoibh ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.
6
«Ná déanaigíse praeitseáil» sin é a bpraeitseáil siúd «Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo; ní thógfar an náire chun siúil go deo.»
7
An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael?
8
Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.
9
Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu.
10
«Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!» Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha.
11
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: «Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí» sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
12
Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir; baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile; déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh mar chaoirigh i loc nó mar thréad ar féarach sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.
13
Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7