bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Micah 3
Micah 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 4 →
1
Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael! Nach é bhur ndualgas é eolas a bheith agaibh ar céard is ceart?
2
Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc, a stróiceann an craiceann de dhaoine agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,
3
a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.
4
Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.
5
Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.
6
Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh; ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh; clúdóidh an dorchadas sibh agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta. Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe agus dorchóidh an lá orthu.
7
Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.
8
Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
9
Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael, a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart, a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,
10
a thógann Síón le fuil agus Iarúsailéim le héigeart.
11
De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: «Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.»
12
Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7