bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Micah 7
Micah 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
1
Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.
2
Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
3
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
4
Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
5
Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.
6
Óir tugann an mac easonóir dá athair agus éiríonn an iníon suas in aghaidh a máthar agus an banchliamhain in aghaidh máthar a céile agus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.
7
Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.
8
Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.
9
Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna mar pheacaigh mé ina choinne go dtí go n-agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.
10
Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: «Cá bhfuil do Dhia?» Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.
11
Tá an lá a n-atógfar do bhallaí ag teacht; an lá sin leathnófar do chríocha.
12
An lá sin tiocfar chugat ón Asaír go dtí an Éigipt, ón Tuír go dtí an Abhainn, ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.
13
Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n-ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.
14
Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.
15
[Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.
16
Feicfidh na náisiúin iad agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht. Cuirfidh siad a lámha lena mbéal agus beidh bodhaire ina gcluasa.
17
Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.
18
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d' fhuílleach d' oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
19
Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.
20
Léirigh do dhílseacht do Iacób agus do bhuanghrá d' Abrahám faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7