bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Micah 6
Micah 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 7 →
1
Aighneas idir an Tiarna agus Iosrael
2
Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael.
3
«A phobal liom, céard a rinne mé ort? Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort? Tabhair freagra orm.
4
Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d' fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
5
Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.»
6
«Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe? An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite nó le laonna aon bhliana?
7
Ar mhaith leis na mílte reithe nó deich míle de shruthanna ola? An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta, toradh mo choirp in éiric peacaí m' anama?»
8
Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
9
Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d' ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin, ABN; 9, 12, 10, 11, 13
10
An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?
11
An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairt ar lucht na scálaí éagothroma agus an mhála de mheáchain mhealltacha?
12
a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).
13
Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadh agus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí.
14
Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile. Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil fágfaidh mise ag an gclaíomh é.
15
Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
16
Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d' áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7