bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
James 1
James 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Cuiridh Séumus, searbhfhoghantuighe Dé agus an Tíghearna Iósa Críosd, chum an dá thréibh dhéug atá sgartha ó chéile, beatha agus slainte.
2
A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla;
3
Ar mbeith a fheasa aguibh, noibhrigheann dearbhadh bhur gcreidimh foighid.
4
Agus bíodh obair dhiongmhálta ag an bhfoigid, chum sibh féin do bheith diongmhálta iomlán, gan uireasbhuidh aóinneithe.
5
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
6
Achd íarradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach air éunchor. Oir an tí ar a mbí amhrus is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith agus bhíos dá tiomáin a nunn san all.
7
Ná saóileadh an tí sin go bhfuighe sé aóinní on Dtíghearna.
8
Fear dhá inntinne neamhsheasmhach na uile shlighthibh.
9
Agus biodh gáirdeachas ar an dearbhráthair atá íseal fá é féin árdughadh:
10
Agus ar an tsáidhbhir, fá é féin ísliughadh: óir biáidh sé ag téurnógh mar bhláth na luibhe.
11
Oír amhuil sheargus an ghrían ar néirghe, an luibh ré teas, agus thuiteas a bláth, agus théid maise a faicseana ar gcúl: is amhluidh sin sheargfús an duine saidhbhir ann a shlighthibh.
12
As beannuighe an tí iomchras cathughadh: óir tar éis a fhaghála dearbhtha, do gheabhuidh sé coróin na beatha, noch do gheall an Tíghearna don druing ghrádhuigheas é.
13
Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathughadh, Is ó Dhía churthar cathúghadh oram: óir ní féidir cathúghadh a nuile do chur air Dhía, agus ní chúireann sé cathúghadh ar aóinneach:
14
Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é.
15
Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
16
Ná bíodh seachrán oruibh, a dhearbhráithre grádhacha.
17
As a núas atá gach deaghthabhartus agus gach tíodhlacadh diongmhálta, ag teachd ó Athair na soillse, ar nach dtéid athrughadh, ná fíu sgáile cláochlóigh.
18
As dá thoil féin do aithghin sé sinne ré bréithir na fírinne, chum bheith dhúinn ar gcéud tórthuibh dhá chreatúraibhsion.
19
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge:
20
Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.
21
Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh.
22
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
23
Oír da néisdigh éinneach ris an mbréithir, agus nach déun sé dhá réir, as cosmhuil é ré duíne bhíos ag breathnughadh a ghnúise nadúrtha a sgathán:
24
Oír ar na bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball dearmaduigh sé créd bá é a chosamhlas féin do dhuinne.
25
Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na saóirse, agus chomhnuigheas ann, do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, achd fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé beannuighe ann a ghníomh féin.
26
Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse.
27
Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5